Cúpla seachtain ó shin, chuaigh mé le The Banshees of Inisherin a fheiceáil sa phictiúrlann.
Go drogallach!
Bhí mé lánchinnte go mbeadh ardchaighdeán aisteoireachta ann agus go dtaitneodh an chineamatagrafaíocht liom. Mar sin féin, bhí roinnt mhaith rudaí diúltacha cloiste agam faoin scannán. Bhain mórchuid de na tráchtanna leis an míthuiscint a deir daoine atá ag an stiúrthóir Martin McDonagh ar chultúr agus ar stair na tíre, agus ar an nós a bhíonn aige muintir na tíre a léiriú mar leathdhaoine. Ní aontaím go huile is go hiomlán leis sin, ach tá samplaí feicthe agam anois is arís ina chuid saothar go dtí seo.
Mar sin, ní raibh mé ag súil le mórán, agus d’fhéadfá fós an argóint a dhéanamh go dtugann McDonagh léargas cúng claonta dúinn ar oileánaigh na tíre i luathfhichidí na haoise seo caite. Daoine a bhfuil saolta leamha acu a théann thart i gciorcail lá i ndiaidh lae. Tá a fhios againn ar fad nárbh í sin an fhírinne.
Ach bhí tionchar as cuimse ag an scannán orm, rud a tharla gan choinne. Pléann an scannán ábhar nach bhfeicim pléite rómhinic in aon áit, bíodh sé sna meáin, sa litríocht, i ndrámaíocht nó i gceol: meabhairshláinte na bhfear.
Tá eipidéim mheabhairshláinte ann d’fhir. Anuraidh, cailleadh 371 fear mar gheall ar an fhéinmharú. Tá liosta fada deacrachtaí a chuireann isteach ar fhir ag rátaí arda; an dúlagar, an imní, easpa dídine agus an andúil. Cailleadh cara liom féin mar seo nuair a bhíomar sa mheánscoil, agus cara eile i mí Eanáir na bliana seo caite. Níl léamh ná scríobh ar cé chomh deacair is atá sé focail a aimsiú le cur síos a dhéanamh ar rud éigin mar sin, nó le ciall a bhaint as.
Tá neart cairde liom tar éis a bheith an-oscailte liom faoi na deacrachtaí atá nó a bhí acu féin, agus tá taithí phearsanta agam le deacrachtaí móra meabhairshláinte sna blianta a chuaigh thart, go háirithe le neamhord itheacháin agus imní. Is rud thar a bheith coitianta é, ach ós é go bhfuil cúrsaí meabhairshláinte teibí casta go minic, ní labhraítear fúthu go minic i ndioscúrsa poiblí. Bíonn sé deacair iad a thuiscint.
Tá cúpla sampla fíorchumhachtach de dheacrachtaí meabhairshláinte feicthe agam i scannáin agus cláir theilifíse le cúpla bliain anuas. Rinne Coronation Street jab eisceachtúil de shnáithe scéil a bhí acu ar an fhéinmharú, agus ardmholadh tuillte ag an aisteoir Shayne Ward dá ról mar Aiden Connor sna radhairc sin. D’fhán míreanna ón tsraith Bodyguard, a bhain go mór le neamhord strus iarthrámach, liom le fada. Tá an scannán God’s Own Country, ina bpléann an príomhcharachtar Johnny Saxby lena ghnéasúlacht agus a mheabhairshláinte féin, ar an scannán is fearr liom riamh, ós rud é go bpléitear dúshláin agus ceisteanna móra ar bhealach atá ionraic agus dílis.
Mhothaigh mé go raibh oideachas ar fáil sa scannán The Banshees of Inisherin ar chúrsaí meabhairshláinte, go háirithe trí scéalta triúr de na bpríomhcharachtar; Colm (Brendan Gleeson), Pádraic (Colin Farrell) agus Dominic (Barry Keoghan).
Feictear dúinn go bhfuil Colm i ndroch-chás ó thús an scannáin, ag iarraidh diúltachas Phádraic a sheachaint agus díriú ar a chuid cumadóireachta, ionas go bhfágfaidh sé a lorg ina dhiaidh. Labhraíonn an sagart leis faoin ‘despair’ atá air, focal a mbaintear úsáid as ceal teanga ceart le cur síos ar an dúlagar atá air. Tá radhairc ann ina gciorraíonn sé a cholainn féin, eachtra uafásach ach nach bhfuil leath chomh pianmhar do Cholm is atá an brat dubh atá crochta thart air. Feicimid é ag cailleadh suime i ngach rud, ina theach féin agus sna rudaí luachmhara ina shaol.
Is carachtar inbhreathnaitheach é Pádraic, a chailleann a stiúir agus atá go hiomlán dírithe ar ghnáthamh agus ar athdhéanamh ina shaol. Cuireann na hathruithe a tharlaíonn isteach go mór air agus tá sé deacair dó plé leo.
Chonaic mé gur duine é Dominic nach dtuigtear go minic, a bpléann daoine leis ar nós gur amadán é. Is beag meas a bhí ag muintir na háite air agus is beag aird a tugadh ar an bhforéigean a rinneadh ina choinne go rialta.
Níl a fhios agam an ndearna Martin McDonagh é seo d’aon ghnó ach sílim go bhfuil téama an mheabhairshláinte, agus na bealaí a phléitear leis, thar a bheith tábhachtach. Thug mé faoi deara go raibh an lucht féachana deighilte sa phictiúrlann idir dream a cheap go raibh an scannán greannmhar agus dream a shíl go raibh sé brónach. Pé dearcadh atá againn air, sílim gur ábhar cainte tábhachtach é an scannán seo.
Bhí deacrachtaí meabhairshláinte ann sa bhliain 1923. Céad bliain ar aghaidh táimid fós ag plé leo. Rud amháin a sheas amach sa scannán ná an easpa foclóir a bhí ag na carachtair cur síos ar na deacrachtaí a bhí acu, agus an easpa chabhrach agus tuisceana a bhí ansin.
Tá sin ag athrú, ach tá sé fíorthábhachtach go bhfuil samplaí den téama seo sa litríocht, i gceol, sa dioscúrsa poiblí agus i scannáin mar seo. Ba chóir go ndéanfaí normalú ar chomhráite faoin mheabhairshláinte, go bhforbrófar scileanna agus go gcruthófar deiseanna plé leis na dúshláin seo inar sochaí.
Tá naisc tacaíochta agus eolas faoi dhúshláin meabhairshláinte do gach duine ar fáil ar suíomh gréasáin Spun Out.