Is maith liom Jaws. Is é ceann de na scannáin is fearr liom agus tá beagnach chuile líne ón scannán ar eolas agam de ghlanmheabhair. Nuair a chonaic mé ar dtús é, shíl mé gur scannán den chéad scoth a bhí ann, agus, ó thaobh an scéil, na gcarachtar agus na stiúrthóireachta de, ní féidir é a shárú go fóill.
Chomh maith leis sin, scanraigh sé an t-anam as chuile dhuine in 1975, agus chruthaigh sé íomhá contúirteach miotasach de shiorcanna atá fós ann inniu. Ó shin i leith, rinneadh neart scannán a bhfuil siorcanna mar phríomhbhagairt iontu, ach nach raibh ceachtar acu pioc chomh maith céanna le sárshaothar Spielberg — seachas na scannáin B ar nós Megashark V Giant Octopus agus Sharknado, atá iontach ar bhealach iomlán difriúil.
Anois, ag dul isteach chuig an scannán nua The Meg, bhí mé ag súil le scannán a bhí ar an dul ceanna leis na scannáin seo ach a bhfuil Jason Statham ag mungailt chainte ann faoin Megalodon. Ach cé go bhfuil neart de sin ann cinnte, tá sé ar chaighdeán atá níos airde ná na scannáin B eile sin, agus is measa atá sé mar gheall air sin.
Tá an scéal seafóideach, an bhunchoincheap áiféiseach agus tá sé i bhfad ródháiríre faoi féin. Nuair atá fear i scannán ag dul suas in aghaidh siorc atá chomh mór le hilstórach spéire, ní féidir le rudaí a bheith ródháiríre –ach tá chuile charachtar sa scannán seo duairc agus gruama faoi na gnéithe is aistí, ar nós carachtar Statham agus é ag sábháil daoine ag tús an scannáin, agus éadrom agus spleodrach faoi ghnéithe eile, atá sách dorcha, ar nós slám buamaí a chaith síos sa mullach ar míolta móra.
Tá fios agam nár cheart dom scannán ar an dul seo a cheistiú an iomarca, ach déanann The Meg an oiread iarracht rudaí a mhíniú le comhrá leamh, lán eolaíochta nach bhfuil aon chiall leis, gur fágadh mé le neart ama i rith an scannáin ceistiú céard sa diabhal a bhí ag tarlú.
Freisin, tá an scannán seo cineál leatromach in aghaidh, bhuel, beagnach chuile dhuine, ach in aghaidh na mban agus daoine ón Áis ach go háirithe, agus d’fhág sé sin mé sách míchompordach.
Agus ní mé féin amháin a bhí ag ceistiú rudaí, bhí triúir buachaillí óga, b’fhéidir trí bliana déag d’aois, ag suí os mo chomhair, agus bhí mé in ann a gcuid ceisteanna a chloisteáil faoin mbrachán místuama seo. Is dóibh siúd a déanadh an scannán seo, nach ea?
Bhí an samhradh seo lán le scannáin amaideacha aicsean a bhí i bhfad ródháiríre fúthu féin. Rampage, The Purge agus Skyscraper ina measc, ach bhí mé ag tnúth le The Meg ó chuala mé go raibh a leithéid do rud ann, scannán B dúr le Jason Statham?
Is cinnte go mbeadh spraoi ag baint leis sin ar a laghad. Ach shúigh sé chuile ní spraíúil as leis an raiméis a bhí sa script, agus an stiúradh aisteach, agus faoi dheireadh, ag buaicphointe an scannáin agus Statham ag léimt tríd an spéir le sleá a shá thrí shúil siorc, tá tú ag iarraidh go n-íosfadh an siorc é agus chuile dhuine eile sa scannán uafásach seo.
Mar sin féin, canann Statham an t-amhrán ‘just keep swimming’ ó Finding Nemo ag pointe amháin, agus faigheann sé dhá réalta uaim le haghaidh sin agus le haghaidh sin amháin.