Bhí meangadh gáire orm ó thús deireadh ‘Bullet Train’

Nuair a thosaigh mé ag scríobh le haghaidh an tsuímh eisceachtúil seo, d’iarr an t-eagarthóir orm ag deireadh mo chéad léirmheasa réalta as cúig a thabhairt dó (an scannán Phantom Thread más buan mo chuimhne?) agus chuir an smaoineamh iompú ar mo ghoile. Samhlaigh, ag tógáil obair fhoireann ealaíontóirí agus oibrithe a chuir a gcroí agus a n-anam isteach i bpíosa oibre, agus ansin mise ag suí sa mbaile i mo chuid fobhríste agus an obair sin ar fad a laghdú síos go huimhir fhánach as cúig…go dtí go bhfaca mé Phantom Thread go deimhin, agus ansin tháinig an uimhir dó as cúig chuig m’aigne, éasca péasca. 

Ach tá fadhb eile le réalta as cúig. Cén chaoi ar féidir dhá scannán a thógáil, atá chomh difriúil lena chéile ó thaobh seánra de, téamaí, aisteoirí agus tábhachta de, agus an uimhir chéanna a thabhairt dóibh? Seo hí an fhadhb atá agam an tseachtain seo. Mar thug mé cheithre réalta as cúig don scannán álainn, barúil, tochtmhar, croíúil Hit The Road, agus tá mé chun an scór ceanna céanna a thabhairt don scannán brúidiúil, briste, áiféiseach, seafóideach Bullet Train

Leanann an scéal Ladybug (Brad Pitt) iar-dhúnmharfóir ar fostú agus é théis dul tríd neart teiripe agus cúrsaí aireachais, agus é i mbun jab éasca; mála a thógáil ón traein philéir cáiliúil sa tSeapáin, fanacht ar feadh stop amháin agus ansin éalú. Ach ní mar a shíltear a bhítear agus casann Ladybug le carachtair eile éagsúla ar an mbealach agus iad ar fad ag iarradh an mhála chéanna, agus iad ar fad chomh dainséarach lena chéile. Ina measc The Father (Andrew Koji) ag troid ar son a mhic, The Prince (Joey King) cailín atá i bhfad níos contúirtí ná mar a shílfeá agus The Hornet (Zazie Beets) atá chomh nimhneach leis an bhfeithid chéanna. 

Ach is iad Aaron Taylor Johnson agus Bryan Tyree Henry i bpáirt na ndeartháireacha Tangerine agus Lemon is mó a chuaigh i bhfeidhm. Tá an caidreamh eatarthu chomh taitneamhach, Tangerine ag iarradh chuile short a choinneáil chomh simplí agus is féidir, agus Lemon ag úsáid na gcarachtar ó Thomas the Tank Engine mar bhunú ar a chuid smaointe faoi chuile dhuine a chasann leis. Cuireann siad i gcuimhne caidreamh Jules agus Vincent ó Pulp Fiction do dhuine agus tá radharc amháin leis an amhrán ‘I’m Forever Blowing Bubbles’ a bhrisfeadh do chroí. 

Cuireann an scannán féin i gcuimhne Pulp Fiction dom in áiteanna eile chomh maith, le na línte cliste idir na carachtair agus an foréigean forleathan, ach an scannán atá is cosúla leis ná John Wick agus na scannáin Deadpool agus ní haon timpiste é sin agus an stiúrthóir céanna David Leitch, i gceannas orthu sin ar fad. Tá an t-aicsean thar barr, agus cé nach n-oibríonn chuile jóc, tá a bhformhór acu sách barúil, go háirithe ón mbeirt a luaigh mé thuas. 

Ní hé sin le rá nach bhfuil locht ar an scannán, mar tá lochtanna ann, agus neart acu. Ó thús, tá sé bunaithe ar leabhar a scríobh scríbhneoir ón tSeapáin, le carachtair ón tSeapáin, agus is ar éigin go bhfuil carachtair ar bith Seapánach sa scannán, agus fiú na carachtair sin, ní fúthu an scéal. Ní oibríonn an deireadh ar chor ar bith, tá na héifeachtaí speisialta sách lochtach ó thús deireadh, agus dá mbeadh aisteoirí ar nós Hiroyuki Sanada, Karen Fukuhara agus Zazie Beets agamsa ar fáil do mo scannán, dhéanfainn cinnte iad a úsáid in áit cúpla radharc le Brad Pitt sáinnithe sa leithreas. 

Ach ina dhiaidh sin agus uile, bhí meangadh gáire ar m’aghaidh ón nóiméad a chuir Ladybug cois ar an traein, agus d’fhan sé ar m’aghaidh an bealach ar fad tríd. Bhain mé an oiread sult as, agus más oíche amach atá uait le dearmad a dhéanamh ar uafás an saol, faigh ticéad le dul ar bhord an Bullet Train.