‘Black 47’ millte ag an nGaeilge atá ann

Sula ndeachaigh mé isteach chuig Black 47, cheannaigh mé mála mór Haribo Starmix. Agus ní go ndeachaigh na soilse síos gur thug mé faoi dearadh gurbh fhéidir gur dhrochsmaoineamh a bhí ansin agus mé ar tí féachaint ar scannán faoin nGorta Mór. Cinnte, a shíl mé, ní ligfidh mo choinsias mé fiú breathnú ar na uibheacha friochta agus ná béiríní milse sin chomh luath agus a thosaíonn an scannán. Ach leath bealach tríd an scannán bhí an mála folamh agus bhí mé do mo chiceáil féin nach bhfuair mé bosca mór gráin rósta chomh maith, agus má bhí mé ag smaoineamh ar mo bholg i scannán faoin nGorta, seachas ar na carachtair ná an scéal, caithfidh sé go bhfuil rud éigin mícheart. 

Ní shin le rá gur drochscannán é Black 47, ná baol air, ach leis an méid a chuala mé faoi agus an méid a scríobhadh faoi, bhí mé ag súil le Citizen Kane na hÉireann.

Leanann an scéal beirt charachtar: Máirtín Feeney (James Frecheville) agus é fillte abhaile go Conamara tar éis seal a chaitheamh in arm na Breataine, agus Inspector Hannah (Hugo Weaving), iarshaighdiúir Sasanach atá ag streachailt lena shaol taobh amuigh den arm.

Titeann sé amach, gan aon rud a mhillfeadh an scéal anseo, go dtéann Feeney ar mhisean díoltais ina n-aghaidh siúd atá i gcumhacht sa gceantar, agus tá ar Hannah iarracht a dhéanamh é a stopadh, le cabhair ón Captain Pope (Freddie Fox), Private Hobson (Barry Keoghan) agus an scabhaitéir Éireannach Conneely (Stephen Rea).  

Go bunúsach fuair mé John Wick an Ghorta Mhór, rud nach raibh mé ag súil leis. Agus ní rud dona é sin amach is amach, tá na radhairc aicsin an-deas agus suimiúil, mar ní fhaca mé troid gunna riamh le muscaeid, agus bhí sé spéisiúil na carachtair a fheiceáil ag déileáil leis seo. 

Tá an aisteoireacht den chuid is mó go maith freisin, go háirithe Rea, atá ag baint an taitnimh as an carachtar Conneely, cineál rógaire ar an dul céanna le carachtair ó dhrámaí Martin McDonagh, leithleach agus glic, ach a bhfuil mealltacht ag baint leis mar sin féin. 

Thaitin carachtar Freddie Fox go mór liom freisin, shíl nach mbeadh mórán eile i gceist leis ná an Sasanach brúidiúil sotalach ach tugann sé doimhneacht eile dó freisin nach raibh mé ag súil leis. Ar ndóigh, tá Hugo Weaving iontach, mar a bheifeá ag súil ó aisteoir mar é. Caithfear Diarmuid de Faoite agus Peadar Cox a lua freisin, rinne siad an méid a bheifeá ag súil uathu. Níl acu beirt ach páirteanna beaga ach is fiú iad a lua mar sheas siad amach mar an t-aon bheirt aisteoirí le Gaeilge mhaith i scannán a bhfuil go leor de i nGaeilge.

Agus is anseo a tharraingím anuas fhadhb is mó le Black 47 — James Frecheville. Ní leis an aisteoir féin, cé go ndéanann sé roghanna leis an gcarachtar nach raibh ciall ná réasún leo, ach an cinneadh a rinneadh formhór a línte a chur i nGaeilge. Is léir nach bhfuil tuairim aige céard atá sé ag rá, agus thóg sé amach as an scannán mé láithreach. 

Tuigim go mb’fhéidir go raibh siad ag iarradh a bheith cruinn, ach má bhí mar sin, faigh duine de na céadta aisteoir Gaelach atá ag obair faoi láthair, a dhéanfadh jab chomh maith leis agus a thuigfidh an tábhacht a bhaineann leis an gcarachtar sin a bheith ag labhairt i nGaeilge. 

Mhill sé an scannán orm féachaint ar an gcarachtar seo le Gaeilge ó dhúchas, mar dhea, ag streachailt le foghraíocht, agus mar sin ba chuma liom céard a tharla dó mar níor chreid mé focal a tháinig as a bhéal. 

Cúpla mí ó shin, ag Fleadh Scannán na Gaillimhe, chas mé le cara Gaelach liom a chonaic Black 47 ag an bhféile, agus d’fhiafraigh mé de céard a cheap sé de. Dúirt sé, más féidir leat an Ghaeilge a mhaitheamh, is scannán réasúnta maith é. Agus is dóigh go raibh an ceart aige. 

Tá aicsean láidir ann, carachtair shuimiúla agus radhairc dheasa ach, sa deireadh, ní raibh aon cheangal agam leis an bpríomhcharachtar ná a scéal, agus in áit a bheith tarraingthe isteach sa scéal, d’ith mé mála mór sweets.

SCÉALTA EILE