‘Blackbird Mhichael Flatley? Cúig réalta as cúig’

Breathnaigh. Tá fios agam cén fáth ar tháinig tú anseo. Chliceáil tú an teideal chomh luath is a chonaic tú aghaidh Michael Flatley os cionn an léirmheasa, maig ar a hata aige. Tá tú ag súil le léirmheas a dhéanfaidh ceap magaidh den fhear bocht seo, a chuir a chroí agus a anam isteach sa scannán seo, á scríobh,  á léiriú, á stiúradh, agus an phríomhpháirt á dhéanamh aige chomh maith. Tá sibh ag iarradh orm a bheith chomh gránna agus is féidir liom a bheith gan trócaire ar bith a thaispeáint do Flatley ná don scannán áiféiseach truamhéalach seafóideach seo. Tá sibh ag súil le léirmheas aon réalta. 

Agus d’fhéadfainn é sin a dhéanamh. D’fhéadfainn a rá go leanann an scéal foirmle a bhí sean le meirg air sna hochtóidí, scéal faoi fhear atá mar an trodaí is fearr ar domhan, ach atá ag iarraidh an saol ciúin go dtí go ndéantar coirpeach arís de. 

Agus d’fhéadfainn a rá go ndéanann Flatley jab chomh dona leis an script, gur éirigh leis praiseach a dhéanamh den tseanfhoirmle chéanna go pointe nach bhfuil aon chiall leis an scéal. Agus d’fhéadfainn a rá go bhfuil chuile bhean sa scannán go hiomlán faoi gheasa ag Victor Blackley (Michael Flatley), cé go bhfuil siad i bhfad níos óige ná é, agus nach bhfuil aon mhealltacht aige, mar gur scríobh Michael Flatley ar an gcaoi sin é. D’fhéadfainn é sin a rá.

D’fhéadfainn a rá freisin nach bhfuil mé chun ainm aon duine de na haisteoirí a lua anseo, mar go bhfuil siad ar fad go dona, agus tá fios agam nach bhféadfadh siad a bheith chomh dona sin in aon rud eile, agus táim cinnte nach bhfuil siad ag iarraidh a bheith luaite leis an scannán seo a thuilleadh. 

D’fhéadfainn a rá chomh maith go bhfuil an stiúradh agus an chineamatagrafaíocht chomh doiléir agus trína chéile go gcuirfeadh sé tinneas farraige ar chaptaen an Titanic, agus nuair nach bhfuil an ceamara an bogadh suas is anuas, siar is aniar tá carachtair ag breathnú isteach sa lionsa ar bhealach atá aisteach agus nach bhfuil aon chiall leis.

Agus cinnte, d’fhéadfainn a rá nár cheart airgead a bith a thabhairt don phraiseach seo mar gheall ar dhearcadh polaitíochta Mhichael Flatley agus an chaoi a n-aontaíonn sé le dream nach bhfuil mé chun a ainmniú anseo ach a chreideann go bhfuil 5g sa vacsaín atá chun do inchinn a leá nó diabhal éigin. 

Agus cinnte, d’fhéadfainn na hataí ar fad a luath. Agus an t-ól. Agus na hataí, agus an dialóg. Agus na hataí. 

D’fhéadfainn é seo ar fad a scríobh. Ach an rud atá mé chun a rá ná nach raibh am níos fearr agam san amharclann le tamall an-fhada. Gháir mé ón nóiméad a chonaic mé ‘Dancelord Studios’ ar an scáileáin go dtí an líne dheiridh ó Flatley (agus ansin chuir sé fonn caointe orm mar an líne dheiridh a dheireann sé ná “let’s dance”). 

Mar tá an scannán seo chomh chomh barrúil sin. Seo é The Room na glúine nua. Seo scannán a shíl mé nach bhfeiceann a leithéid arís, ceann atá chomh dona sin go bhfuil sé thar barr. Seo scannán den chineál a shíl mé a chuir corparáidí deireadh leis – script ina ndearnadh an rogha éasca agus an rogha shábháilte i gcónaí, gan aon fhéiniúlacht dá chuid féin ann. Ach seo scannán nach ndéanfadh mórán daoine eile.

Seo mo mholadh. Fan go dtiocfaidh sé seo amach ar líne, eagraigh oíche le do chuid cairde is fearr agus neart deochanna. Ól chuile uair a athraíonn Michtor Blacktley hata nó nuair a dheireann duine éigin go bhfuil sé dathúil, agus bain taitneamh as an oíche.

SCÉALTA EILE