10rn maidin amárach taispeánfar gearrscannán Gaeilge ag an fhéile scannánaíochta is iomráití ar domhan, Le Festival International du Film de Cannes.
Is é an ceoldráma beoga Bonsoir Luna, a eisíodh ní ba luaithe i mbliana, a bheidh le feiceáil ar scáileán ag an 68ú féile agus tá cliar óg an scannáin ar bís faoin aitheantas idirnáisiúnta.
Is í an Hilary Bowen-Walsh atá i ról Luna sa ghearrscannán agus tá sí féin ag déanamh ionadaíochta ar son na foirne ag Cannes i láthair na huaire.
“Mothaím fíor-bhuíoch as cuireadh a fháil teacht go Cannes,” ar sise.
“Anuas ar an spraoi ag imeachtaí na féile, tá sé ar fheabhas bheith in ann labhairt le daoine eile in earnáil na scannánaíochta agus a suim a mhúscailt sa scannán iontach Gaeilge seo.”
Deir Hilary gur cúis áthais sa bhreis di go bhfuil an scannán á thaispeáint sa Fhrainc ó tharla é bheith go mór faoi thionchar Jacques Demy, scannánóir Francach mór le rá de chuid na seascaidí.
Scéal i bhfoirm amhráin é Bonsoir Luna a leanann ealaíontóir sráide, ar diúc é (Michael-David McKernan) a thiteann i ngrá le barista galánta dall.
Agus grá na beirte i gcroílár an scéil, caithfear dul i ngleic le máthair Luna nach bhfuil sásta glacadh leis an chaidreamh.
Is i gCoirnéal na nGearrscannán a bheas sé á thaispeáint amárach mar aon leis an chuid is fearr de ghearrscannáin ó thimpeall na cruinne.
Ó Cannes go Corcaigh
Fad is go bhfuil Hilary ag baint suilt as Cannes beidh stiúrthóir agus léiritheoir Bonsoir Luna, Donncha Gilmore agus Philip Hickey, ag ullmhú don chéad taispeáint de scannán eile dá gcuid, Caring is Creepy.
Beidh sé ar siúl ag Féile Gearrscannán Fastnet sa Scoil, iarthar Chorcaí, Dé Céadaoin 20 Bealtaine.
Scannán é seo faoi dhíséad leictreonach atá sáite i saol na gclubanna oíche i mBaile Átha Cliath, go dtí go gcasann amhránaí mná ar leith orthu.
“Go bunúsach i scéal é seo faoin chaidreamh idir fear agus bean, agus easaontas idir cairde,” arsa Philip, a bhunaigh an comhlacht Aminal Productions in éineacht le Donncha.
Tháinig na díograiseoirí óga meán seo, atá idir 18 agus 26 bliain d’aois, le chéile mar mhic léinn agus rinneadh an dá léiriú anuraidh.
“Bhí an t-ádh orainn gur éirigh linn cúpla deontas a fháil, ó Choláiste na Tríonóide sa chéad dul síos agus ansin ón Chomhairle Ealaíon ina dhiaidh sin.
“Cuireadh na síolta an samhradh seo caite agus tá bláthú orthu i mbliana,” ar seisean.
Go n-éirí leo ag an dá fhéile!
Táthar ag súil go mbeidh an dá scannán ar taispeáint ag féilte scannáin eile i mbliana agus, idir an dá linn, beidh Hilary ar ardán le lucht GaelGÁIRÍ Dé Sathairn 23 Bealtaine sa Róisín Dubh, Gaillimh.