Tá aitheantas speisialta faighte ag scannán Gaeilge ar an ardán idirnáisiúnta tar éis gur bronnadh Duais Speisialta an Ghiúiré ar An Bronntanas ag Féile Scannán Éireannach Bhostúin.
Scéinséir comhaimseartha é An Bronntanas atá lonnaithe i saol phobal an bháid tarrthála ar chósta Chonamara.
Thuill sé ardmholadh nuair a craoladh é mar shraith ar TG4 agus anois tá an leagan scannáin ag mealladh aird idirnáisiúnta.
“Is dúshlán an-mhór a bhí romhainn nuair a thosaigh muid ar an togra seo ach creideann muid go bhfuil léiriúchán go hardchaighdeán idirnáisiúnta bainte amach againn,” arsa Ciarán Ó Cofaigh, léiritheoir An Bronntanas.
“Le duais bainte againn ag Féile Boston agus muid roghnaithe le haghaidh féilte eile, cuireann sé an scannán agus an Ghaeilge ar stáitse domhanda.”
Chomh maith lena bheith ar taispeántas in Éirinn, bhí an scannán le feiceáil cheana féin i mBarbadós agus Washington, agus beidh sé ag Féile Boston, in Chicago agus sa Róimh le linn na míosa seo.
Is é Ciarán a léirigh an scannán le Tom Collins do ROSG agus De Facto Films agus Tom a stiúir.
I measc na bpríomhaisteoirí ann tá Dara Devaney (Na Cloigne), an Gael-Mheiriceánach John Finn (Cold Case), Owen McDonnell (Single Handed), Michelle Beamish (Crisis Eile) agus Pól Ó Gríofa (Ros na Rún).