Bua ceannródaíoch ag Cillian Murphy ag The Golden Globes

Bhí na súile ar fad i ndomhan na scannánaíochta sáite in oíche bhronnta na Golden Globes Dé Domhnaigh, an 7 Eanáir. Chruinnigh stiúrthóirí, aisteoirí, scannánóirí, agus ceoltóirí ó gach cearn den tionscal san óstán The Beverly Hilton in California chun ceiliúradh a dhéanamh ar an obair mhór a rinneadh i ngort na scannánaíochta le bliain anuas.

I measc na n-ainmniúchán don chatagóir, ‘An Taibhiú Aisteora is fearr i scannán – Dráma’, inar ainmníodh Leonardo DiCaprio agus Bradley Cooper, tugadh aitheantas do shaothar Barry Keoghan agus Andrew Scott in Saltburn agus All of Us Strangers, faoi seach. Cillian Murphy a thug an duais abhaile leis, áfach, as ucht a chuid oibre sa scannán scéinséara Oppenheimer. Ghlac Murphy carachtar an teidil mar ról sa togra, ina léirítear scéal an fhisiceora agus é ag forbairt an bhuama adamhaigh san 1940idí.

Ghlac Murphy leis an duais le béaldath geal dearg ar a shrón agus a léine as riocht gan oiread is carbhat air, rud a chuir an lucht féachana ag gáire. Thug sé óráid inar luaigh sé na haisteoirí eile a ghlac róil sa scannán amhail Robert Downey Jr., Emily Blunt, agus Gary Oldman. Ghabh sé bhuíochas le foireann an scannáin agus thug focal aitheantais do na hainmnithe eile sa rannóg “fiú murach Éireannaigh iad”, ag tagairt do Barry Keoghan agus Andrew Scott a bhí i láthair.

Rinne an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt, agus Meán, Catherine Martin TD, comhghairdeas le Murphy as an duais a bhaint: “Óna chéad ról in Disco Pigs, léirigh sé gur máistir é san aisteoireacht.” Rinne sí comhghairdeas le Keoghan agus Scott as a n-ainmniúchán fosta.

Mhínigh an tAire go mbeidh an bua seo ina thosca tarraingthe maidir le hobair scannánaíochta in Éirinn, agus go dtabharfaidh an méadú ar uasteorainn an chreidmheasa cánach deiseanna forleathana do scannánóirí agus d’aisteoirí a bheith ag obair in Éirinn.

Táthar ag súil go mbainfidh Cillian Murphy ainmniúchán eile amach ag Oscars 2024 don scannán chéanna. Is léir go bhfuil na hÉireannaigh ag tarraingt airde in Hollywood i mbliana idir na hoícheanta bronnta agus scannáin amhail Kneecap a bheidh ag teacht amach. Beidh le feiceáil cén dul chun chinn a bheidh ann amach anseo ach tá gach dealrú ar an scéal gur dul chun cinn suntasach a bheidh ann.

SCÉALTA EILE