Buailigí bóthar chuig ‘Hit the Road’

Cén cur amach atá agamsa ar an Iaráin? An saol atá ag an ngnáthdhuine amuigh ann? An pholaitíocht atá sna réigiúin éagsúla? Mar a deireadh Gerry Hannan ‘neamhní’. Agus mar sin nach aisteach an rud é go ndeachaigh Hit The Road, scannán a rinneadh san Iaráin na mílte mílte ó m’árasán beag in Battersea Park, i bhfeidhm orm an oiread sin gur bheartaigh mé léirmheas a scríobh faoi – an chéad léirmheas uaim le dhá bhliain. 

Leantar sa scannán teaghlach san Iaráin, athair (Hassan Madjooni) máthair (Pantea Panahiha) agus beirt mhac, an buachaill is sine, Farid, (Amin Simiar) agus an buachaill is óige le béal mór ( Rayan Sarlak) agus iad ag tiomáint chuig teorainn na Tuirce chun go mbeidh deis ag Farid éalú ón tír. Ó agus tá gadhairín beag bocht acu chomh maith, Jessie. Sin é an méid is féidir liom a rá faoin scéal, mar sin é an méid atá ann. Ní thugann an stiúrthóir/scríbhneoir Panah Panahi aon eolas dúinn mura bhfuil ceangal díreach aige leis an teaghlach beag seo. 

Agus tá sé thar barr. Ar feadh an chuid is mó den scannán, tá an lucht féachana sáinnithe sa seanchairrín beag bídeach seo leis an gceathrar agus é chomh soiléir dúinn go bhfuil siad scanraithe agus croíbhriste faoin misean, ach ag an am céanna, ag baint an oiread taitnimh as a gcaidreamh le chéile. Tá línte anseo a bheadh chomh maslach, go h-áirithe ón athair, agus gan a chomhthéacs bheifeá ag rá go bhfuil siad iomarcach, ach an bealach ina ndeirtear iad agus an caidreamh idir na carachtair, ní féidir aon rud eile a dhéanamh ach gáire fúthu. 

Agus sin é go díreach an rud atá an teaghlach seo ag iarradh a dhéanamh; gáire, canadh os ard agus sult a bhaint as an saol, in ainneoin an tsaoil uafásaigh atá taobh thiar dóibh agus amach rompu, agus tá sé seo curtha i láthair ar bhealach chomh héifeachtach ag an stiúrthóir, Panahi, gur bhris sé mo chroí agus gur rith na deora liom agus mé ag gáire. Níl scannán mar seo feicthe agam cheana, agus cé gur chuir roinnt daoine i gcomparáid é leis an scannán Little Miss Sunshine, tá sé i bhfad níos fearr ná sin. 

Níor mhaith liom aon rud a mhilleadh ach tá radharc leis an máthair agus í ag fanacht ar scéala faoina mac agus iad ar an teorainn, agus ní dheireann sí faic. Fanann an ceamara uirthi, agus tá sé ar chuid den scannánaíocht agus an aisteoireacht is fearr atá feicthe agam le fada. 

Agus ní féidir dul thar léiriú an leadín óg Rayan Sarlak. Ón tús is eisean an carachtar a labhraíonn nuair atá gach duine eile ciúin, agus shíl mé go gcuirfeadh an scréachaíl agus na jócanna uaidh isteach orm faoi dheireadh an scannán, agus go deimhin, agus an scannáin agus na radhairc ag fáil níos gruama agus níos gruama, ba fhaoiseamh a bhí ann go raibh mo dhuine ag déanamh amadáin de féin in áit éigin sa bhfráma. Ach ní sa ngreann amháin a dhéanann Sarlak éacht, i ngar do dheireadh an scannáin déanann sé beolbheachtú ar amhrán cáiliúil ón Iaráin, agus tá sé speisialta mar radharc. 

Ba mhaith liom é dá mbeadh beagán níos mó eolais tugtha faoi shaol na teaghlaigh sula ndeachaigh siad ar an turas eisceachtúil seo, agus creidim go bhfuil an iomarca radhairc fhada nach bhfuil tada ráite iontu agus nach mbogann an scéal ar aghaidh, ach a thaispeánann áilleacht na timpeallachta dúinn, ach ag deireadh an lae, bhog an scannán seo mo chroí ó thús go deireadh, agus níl aon scannán eile mar é le feiceáil in aon áit eile faoi láthair, mar sin buailigí bóthar chuig Hit The Road

SCÉALTA EILE