Thart ar choicís ó shin, mar chuid den léirmheas a rinne mé ar The Forest, bhí mé ag gearán liom go gcaitheann Hollywood na scannáin uafáis seo le chéile beagnach gach séasúr, agus iad uilig mórán mar an gcéanna. (Sin dóigh chineálta chun a rá gur cacamas atá i mbunús acu.)
Shílfeá, b’fhéidir, gur as an mhúnla chéanna a fáisceadh The Witch – The Witch atá air, ar ndóigh, agus an cur síos simplí a dhéantar air ná ‘scannán uafáis’ – ach a mhalairt ar fad atá fíor.
Suite i New England Mheiriceá, sna 1630í, insíonn The Witch scéal teaghlach piúratánach, cráifeach de réir mar a bhuaileann sraith tragóidí iad, ag tosú nuair a théann duine de na páistí óga ar iarraidh.
Fá dheireadh an scannáin, beidh tú i ndiaidh theacht fríd uair go leith atmaisféarach, corraitheach, lán teannais.
Ní do lucht an lagmhisnigh an scannán seo; fágfaidh sé ar tinneall go minic thú.
Láithreach, ón chéad radharc, tuigtear duit go bhfuil difear mór idir the The Witch agus gnáthscannán uafáis an lae.
Tá fear ollmhór os ár gcomhair (athair an teaghlaigh, William) i lár halla beag pobail.
Tá sé lán nirt agus é ag cáineadh go dian laigí cráifeachta a chomharsan.
Téann an chéad radharc sin i bhfeidhm ort, agus tugtar blas beag duit de threise na radharc atá le theacht.
Is gearr go bhfeictear dúinn gur thug an stiúrthóir, Robert Eggers, aire na huibhe d’achan ghné dá thionscnamh.
Rugadh agus tógadh i New England é, agus is léir go raibh fís ar leith aige den áit is den am sin a bhí sé go mór ag iarraidh a chur in iúl.
Úsáideann sé suíomh gortach lom, soilsiú foirfe, agus méid áirithe de theanga na haimsire sin chun léiriú ionraic leanúnach a dhéanamh ar mheon an ama; ní fhágtar in aon amhras thú faoi dheacracht an tsaoil agus faoi neart an chreidimh i saol na ndaoine.
Agus baineann Eggers leas iomlán as na deacrachtaí saoil agus an láidreacht creidimh sin chun an lucht féachana a dhéanamh míchompordach teann i rith an scannáin.
Seo am inar chreid daoine go diongbháilte i gcailleacha, in ainspridí agus in oibriú ‘an diabhail’.
Nuair atá an saol crua tubaisteach, tá cumhacht bhreise ag an chreideamh sin.
Ar comhchéim le suíomh agus atmaisféar The Witch atá caighdeán na haisteoireachta.
Bíonn ról corraitheach ag achan charachtar, agus éiríonn leis an scannán de thairbhe ábaltacht na n-aisteoirí a bpáirt a chur i láthair (go háirithe na haisteoirí óga).
Is éigean Anya Taylor-Joy a lua go háirithe.
Ise a léiríonn páirt na hiníne óige, Thomasin, agus is thart uirthise a chuirtear mórthéamaí agus móreachtraí an scannáin faoi chaibidil.
San aois sin, i mórchuid na gcásanna, ba iad mná muiníneacha neamhbhalbha a ciontaíodh as a bheith ina ‘gcailleacha’ agus a cuireadh chun báis.
Bhain na heaglaisí, na máistrí agus na húdaráis dhifriúla ar fad úsáid as na ‘trialacha caillí’ sin le bagairt a dhéanamh ar mhná agus ar chailíní gan éirí rómhisniúil.
Ciúnaíodh iad siúd a bhí cróga go leor leis an fhód a sheasamh – ciontaíodh i gcónaí iad, cuma caighdeán á bhféinchosanta – agus chinntigh sin gur fhan an chuid eile “ina n-áit”.
Tá an téama sin fite fuaite in The Witch, agus is trí shúile Thomasin a phléitear leis ar dhóigh iontach éifeachtach.
Idir sin agus an réimse leathan mothúchán a léiríonn sí ó thús deireadh, tá Taylor-Joy ar fheabhas.
Sula ndeachaigh mé chuige, shíl mé nach mbainfinn sult as The Witch, agus go mbeinn ag streachailt le teacht ar rudaí le rá faoi.
Anois, áfach, thiocfadh liom dul ar aghaidh is ar aghaidh fá dtaobh dó.
I bhfírinne, mothaím nár chlúdaigh mé go leor leor de na hábhair chainte a spreagann sé.
Níl sé foirfe mar scannán, cinnte.
Agus, mar a dúirt mé ag an tús, ná gabh chuige má chuireann Midsomer Murders eagla ort.
Tá dianradhairc throma, scanrúla, agus in amanna, déistineacha in The Witch.
Níor shíl mé go ndéarfainn é, ach tá sé fíormhaith.
Ní bheidh mé chomh crua ar na scannáin uafáis as seo amach.
Seolfar The Witch i bpictiúrlanna na tíre ar an 15 Aibreán.