Catagóir nua Gaeilge ag an fhéile gearrscannán Queer Vision

Beidh an fhéile gearrscannán LADTA+, Queer Vision, ar siúl sa Waterford Gallery of Art agus Bank Lane i bPort Láirge ar an 29 agus an 30 Bealtaine, faoi seach. Léireofar agus bronnfar gradaim ar shaothair a dhíríonn ar scéaltaí ilghnéitheacha an eispéiris aitigh i rith na féile.

Bhuaigh Rupture le Marianne Lavergne gradam Rogha an Lucht Féachana anuraidh don scéal thubaisteach faoi phéisteanna aiteacha atá i ngrá. An bhliain roimhe sin, thug Becky Cheatle an gradam don Léiriú Foriomlán is Fearr abhaile lena gearrscannán Punch Line, a d’inis scéal fuirseora ag teacht chucu féin i ndiaidh ionsaí trasfhóbach.

Reáchtáladh an fhéile den chéad uair go fíorúil in 2021 mar chuid den fhéile Bród na nDéise. Is eagras pobail neamhbhrabúis é Bród na nDéise atá faoi stiúir oibrithe deonacha i bPort Láirge. Déanann siad ceiliúradh bliantúil ar chultúr agus ar an phobal LADTA+ in oirdheisceart na hÉireann.

Íomhá ó Punch Line (2022) le Becky Cheatle agus Allie O’Rourke, a bhuaigh an Léiriú Foriomlán is Fearr 2022.

Glactar le haighneachtaí atá 15 bomaite ar a mhéad idir scannáin bhaile, scannáin mhic léinn, ghearrscannáin ghairmiúla, scannáin thurgnamhacha agus físeáin cheoil. Bronnadh ceithre ghradam sna féilte atá imithe tharainn, mar atá:

An Léiriú Foriomlán is Fearr
An Ionadaíocht LADTA+ is Fearr
An Léiriúchán Éireannach is Fearr
Gradam Rogha an Lucht Féachana

Bronnfar gradam úr ag Queer Vision i mbliana, is é sin an An Léiriú Gaeilge is Fearr, a thugann aitheantas do thionchar na Gaeilge ar na meáin chumarsáide aiteacha. Ag labhairt di faoin ghradam nua, seo a dúirt cathaoirleach Bhród na nDéise, Amy Uí Ríordáin:

“I mbliana táimid breá sásta a rá go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil agus á ceiliúradh lena catagóir féin. Le dhá bhliain anuas, go háirithe, tá borradh tagtha ar na meáin chumarsáide aiteacha trí Ghaeilge agus tá roinnt tionscadal scannán trí mheán na Gaeilge nó dátheangach ar siúl le déanaí i bpobal aiteach na hÉireann.’

Tá coiste na féile ag glacadh le haighneachtaí faoi láthair ó scannánóirí nuálacha a bhfuil peirspictíochtaí léirsteanacha acu ar an eispéireas aiteach. Is é an 12 Aibreán 2024 an spriocdháta le haghaidh iontrálacha. Beidh costas €5 ar an táille iontrála ach is féidir táille lascainithe a íoc d’aighneachtaí roimh an 22 Márta.

Rinne Oifigeach Caidrimh Phoiblí Bhród na nDéise, Cúan Cusack, cur síos ar thábhacht na hócáide thíos:

“Bhí an scéalaíocht riamh lárnach i saolta aiteacha, ag cur chun cinn na scéalta a raibh tionchar acu ar ár gcultúr uathúil agus a thugann dúshlán don heitreanormatachta agus don chiosnormatachta.”

Beidh Bród na nDéise ag titim amach ón 27 Bealtaine go dtí an 2 Meitheamh agus beidh Queer Vision ar siúl ar an Chéadaoin agus an Déardaoin an tseachtain sin. Is féidir tuilleadh eolais a aimsiú faoin fhéile agus faoin dóigh chun aighneachta a chur isteach anseo.

SCÉALTA EILE