Cé hé / hí an Jedi deiridh?


Sin an cheist mhór atá ag dó na geirbe ag lucht leanúna Star Wars ar fud an réaltra ó fógraíodh aréir gurb é Star Wars: The Last Jedi an teideal a bhéas ar Eipeasóid VIII den tsraith chlúiteach.

San intreoir d’Eipeasóid VII The Force Awakens luaitear ‘…Luke Skywalker, the last Jedi…’ sa téacs íocónach ag tús an scannáin mar sin shílfeá gan amhras gurb é atá i gceist in ainm na heipeasóide nua.

Sa scannán deireanach d’fhág muid Luke ag Sceilig Mhichíl i gContae Chiarraí, aka an pláinéad Ahch-To, rud a thugann le fios go mbeidh sé cinnte sa scannán úr, ach tá an t-idirlíon anois ar maos le tuairimíocht nach bhfuil aistear ró-fhada fágtha ag an charachtar atá linn ón chéad scannán A New Hope, a eisíodh in 1977.

Féidearthacht eile ná go bhfuil an teideal ag tagairt do Rey, bean óg a raibh ról lárnach aici in Eipeasóid VII, atá in ann an Fórsa a úsáid agus atá ar tí dul faoi oiliúint ag Luke ar a thearmann oileáin.

Is duine é an stiúrthóir, Rian Johnson, nach ligeann a chuid rún le fios ach tá daoine eile ag cur suntais sa dath dearg atá le feiceáil ar na focail Star Wars i lógó an scannáin nua, iad ag rá gur comhartha é go mbeidh an Chéad Ord, agus an bás dá réir, i réim in áit an Taoibh Shorcha.

Beidh ar leantóirí na scannán fanacht go deireadh na bliana chun freagra cinnte a fháil mar nach bhfuil The Last Jedi le heisiúint go dtí an 15 Nollaig 2017.

Idir an lá linn, leanfaidh na ráflaí agus méadóidh an sceitimíní…

Fáilte ar ais, Star Wars

SCÉALTA EILE