Coimhlint agus comhbhá


Scríofa agus stiúrtha ag Oliver Assayas – an stiúrthóir céanna a bhí taobh thiar den scannán buach Je t’aime (2006) – is dráma rí-spéisiúil é seo a bhfuil an Francach ildánach Juliette Binoche, réalta Twilight Kristen Stewart agus an t-aisteoir óg Atlanta Chloe sna príomhpháirteanna.

An t-am seo anuraidh, roghnaíodh Clouds of Sils Maria le dul san iomaíocht do phríomhchomórtas Féile Scannánaíochta Cannes, Palme d’Or.

Tá an iliomad gradam bronnta air, agus ar a chliar, ó shin.

Tugann an triúr ban atá chun cinn sa chomhléiriú Gearmánach-Sualannach-Francach seo scoth an taispeántais uathu ó thús deireadh.

Agus í i mbarr a réime, iarrtar ar an aisteoir Maria Enders (Binoche) a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi, páirt a ghlacadh i ndráma a tharraing clú uirthi an scór bliain roimhe.

Ach ní bheidh sí sa ról céanna an uair seo, rud a ghoilleann uirthi.

In áit an cailín meallacach dóighiúil Sigrid a chur i láthair, is in áit Helana atá sí, carachtar atá ag streachailt leis an saol agus ag dul anonn in aois.

Le cuidiú óna cúntóir (Stewart), téann Maria i mbun cleachtaidh in áit iargúlta sna hailpeanna le hullmhú don ról.

Léirítear gur mó na cosúlachtaí idir an carachtar Helana agus Maria Enders, agus cothaítear caidreamh ar leith eatarthu.

Tá clisteacht agus doimhneacht in Clouds of Sils Maria a fhágann gur fiú go mór an turas chun na pictiúrlainne.

SCÉALTA EILE