Comórtas Spongebob an Scannán!
Buaigh ticéad clainne do 'Spúinse as Uisce'

Mar is eol don saol Fódlach faoin am seo beidh ‘Spongebob an Scannán: Spúinse as Uisce’ le feiscint i bpictiúrlanna fé leith ó dheireadh na míosa ar aghaidh.

Ba iad an comhlacht léiriúchán Macalla Teoranta, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, a chóirigh an leagan Gaeilge seo, a eiseofar ag an am céanna leis an leagan Béarla.

Tá réamhthaispeántas speisialta ar siúl inniu i nDún Droma, BÁC, agus beidh ceann eile ann san Eye Cinema, Gaillimh, Dé Máirt seo chugainn, 24 Márta.

Neostar dom go mbeidh sé féin – “an té chónaíonn in anann ag bun an aigéin, atá súiteach is buí is póiriúil ann féin” – i láthair le siúl ar an gcairpéad speisialta buí a bheidh acu don ócáid, agus beidh roinnt goodie bags le tabhairt amach chomh maith!

Ar an drochuair ní féidir ticéid a cheannach don ócáid seo ach is féidir iad a bhuachan anseo ar NÓS!

Tá ticéad teaghlaigh amháin (4 thicéad san iomlán) le buachan ag léitheoir ádhúil ach freagra na ceiste seo thíos a chur chuig comortas@nos.ie roimh Dé Domhnaigh 22 Márta.

“Cén stáisiún teilifíse ar a raibh an tsraith Spongebob le feiceáil as Gaeilge roimhe seo?”


Beidh an réamhléiriú speisialta ar siúl Dé Máirt 24 Márta, Eye Cinema, Gaillimh ar 6.30in. Seolfar Spongebob an Scannán: Spúinse as Uisce go náisiúnta ar 27 Márta.