‘Cuid de na radhairc is fearr atá déanta ag Pixar’
Léirmheas físeáin ar 'The Incredibles 2'

Chonaic ár léirmheastóir an scannán The Incredibles 2 le deireanas agus labhair sé le BLOC faoi. Cé nach raibh an scannán “dochreidte”, a deir Eoin, tá cuid de na radhairc is fearr atá déanta ag Pixar riamh le feiceáil ann. An aontaíonn tú leis? Fág trácht thíos faoin bhfíseán seo!