Cuirfidh seo sceimhle dearg ort

Scéal a chuirfidh go leor eachtraí reatha i gcuimhne duit é Unfriended, atá bunaithe ar úsáid na meán sóisialta le daoine a náiriú.

Tá saol chailín 18 d’aois scriosta nuair a chuirtear físeán di in airde ar YouTube, agus cuireann sí lámh ina bás féin.

Bliain amháin níos moille, tá úsáideoir Skype ag lorg díoltais ar na daoine a scaip an físeán, agus ní chuireann sé, nó sí, aon am amú chun iad a chéasadh go huafásach.

‘Ré úr de scannáin uafáis’ atá á thabhairt ar an scannán nua seo de chuid Universal, agus é ar an chéad cheann dá leithéid riamh ina léirítear an scéal go hiomlán ar líne.

Is é an chéad mhórscannán Béarla ón stiúrthóir Seoirseach Levan Gabriadze.

Beidh Unfriended le feiceáil sna pictiúrlanna ó 17 Aibreán… an mbeidh sé de chrógacht agat dul? An dtógfaidh tú do chairde leat?

 

SCÉALTA EILE