Day-Lewis i mbarr a réime

Ní rud conspóideach é le rá gurb é Daniel Day-Lewis an t-aisteoir is fearr lenár linn. Go deimhin, b’fhéidir go bhfuil sé ar dhuine de na haisteoirí is cumasaí riamh. Sa scannán is déanaí dá chuid, an scannán deireanach a mbeidh sé ann, dar leis féin, The Phantom Thread, rinne sé obair na gcapall le carachtar tarraingteach, spéisiúil agus réalaíoch a léiriú ar an scáileán, ach, faraor, níl an scannán féin baileach ar an seasamh céanna.

Tá Day-Lewis i páirt an dearthóra eisceachtúil gúnaí Reynolds Woodcock, atá ag obair i Londain i lár an fichiú haois. Baitsiléir dathúil a bhfuil bealaí ar leith aige atá ag brath go mór ar a dheirfiúr Cyril (Lesley Manville) lena shaol a eagrú. Nuair a bhuaileann sé le Alma (Vicky Krieps), áfach, cuireann a tionchar-sa a shaol eagraithe as riocht.

Más duine de lucht leanúna an stiúrthóra Paul Thomas Anderson thú, beidh a fhios agat cén sórt scannáin a bheidh anseo. Mall, trom le radhairc fhada a dhíríonn ar chuile ghluaiseacht. D’oibrigh an cur chuige seo i roinnt scannán eile dá chuid, There Will Be Blood agus Punch Drunk Love mar shampla, ach níor oibrigh na teicnící céanna in The Phantom Thread.

Is ar an scéal atá an locht, agus gan scéal tarraingteach, níl sa scannán ach léacht do scoláirí ceamaradóireachta ar na bealaí éagsúla gur féidir seat a shocrú. Tagann feabhas ar an scéal agus an scannán agus é ag teacht chun an bhuaicphointe, ach tógann sé chomh fada sin le teacht chuige sin, gur ar éigean go raibh mé in ann mó shúile a choinneáil ar oscailt. Ní hé sin le rá nach féidir le scannán a bheith mall agus réchúiseach, ach, caithfidh creatlach éigin de scéal a bheith ann ar dtús.

Is é a fhad bunfhadhb an scannáin. Tá sé ar a laghad leathuair an chloig rófhada, agus i gcás scannán a fhorbraíonn chomh mall leis, airítear chuile nóiméad de ag imeacht le chuile nóta brónach a sheinntear ar an bhfuaimrian. Agus ná bíodh imní ort, cloisfidh tú an fuaimrian, más maith nó olc leat é. Tá ceol Jonny Greenwood le cloisteáil i 90 nóiméad den scannán, atá 130 nóiméad ar fad.

Tá sé ráite ag Anderson go bhfuil an ceol ar nós “carachtar eile” sa scannán. D’airigh mé féin áfach, go raibh sé ar nós an pháiste sin atá mar chrann i ndráma scoile, a bhíonn ag iarraidh an aird uile a tharraingt air féin, agus a mhilleann chuile shórt ar na páistí eile.

Is é an trua é mar tá na haisteoirí, agus a gcuid oibre atá á tachtadh ag an bhfuaimrian, thar cionn. Tá Lesley Manville cumhachtach, mar a bhíonn i gcónaí, i bpáirt na deirféar a bhfuil grá mór aici dá deartháir cumasach, ach atá go maith in ann é a chiúnú nuair a bhíonn gá leis.

Ní raibh aon rud eile feicthe agam a bhfuil Vicky Krieps ann, ach beidh mé cinnte súil a choinneáil amach di as seo amach. Tá sí lách leochaileach agus grámhar, ach ag an am céanna, láidir ceanndána agus scanrúil uaireanta. Bheadh an scannán sciobtha léi aici murach aisteoireacht Day-Lewis. Mar atá feicthe againn i scannáin eile, tá smacht aisteach aige ar a chorp, ar a aghaidh agus ar a ghlór. Tá carachtar cruthaithe aige anseo nach mbeadh as áit in Dracula; éisealach agus crua ach mealltach agus staidéarach ag an am céanna. Níl aon duine feicthe agam riamh atá in ann ealaín a dhéanamh as gníomh chomh simplí le huibheagán a ithe.

Ach fiú agus Daniel Day-Lewis i mbarr a réime, ní féidir leis an scannán seo a shábháil. Titfidh léirmheastóirí mór le rá i ngrá leis gan dabht, agus más leantóir mór thú de chuid Anderson, b’fhéidir go dtaitneoidh sé leat féin. Tá eilimintí suimiúla agus cúpla radharc álainn ann. Ach, mar sin féin, níl a dhóthain ann le scannán maith a dhéanamh de, agus shíl mé go raibh The Phantom Thread leadránach, leamh, agus plúchta le poimpéis.

SCÉALTA EILE