Deartháireacha Coen

Tá na deartháireacha Coen ar ais.

Tá na déantóirí scannáin mór le rá, a scríobh agus a stiúir liosta fada scannán – No Country For Old Men, The Big Lebowski, Fargo, Miller’s Crossing uilig ina measc – i ndiaidh scannán nua grinn a chur amach.

Agus mé ag smaoineamh siar ar Hail, Caesar! cuireadh gnátheachtra i m’óige óg féin i gcuimhne dom.

Is minic go mbínn féin agus cairde ag cumadh pleananna mórthaibhseacha faoi scannáin nó cluichí ríomhaire nó eile: “Ansin beidh seo againn, agus ansin beidh siúd againn!”.

Agus ar deireadh, bheadh rud cruthaithe againn faoi James Bond agus Henry Shefflin ag teacht le chéile le ruaig a chur ar na bithiúnaigh le camáin. (Bord Scannán na hÉireann, tá fáilte romhaibh teacht i dteagmháil liom.)

burn

Shílfeá go ndearna Joel agus Ethan Coen an rud ceannann céanna.

I ndiaidh Hail, Caesar! a fheiceáil, is féidir liom iad a shamhlú ag suí thart, iad leathólta, nó lán raithní b’fhéidir, ag gáire leo agus ag cur liosta fada le chéile de rudaí a ba bhreá leo a fheiceáil i scannán dá mbeadh saoirse iomlán acu.

Ansin, músclaíonn siad an lá dár gcionn, agus déanann siad gearradh siar.

Úsáideann siad a dtaithí agus a n-ábaltacht le scannán taitneamhach, greannmhar a mhúnlú ó phleananna iomarcacha na hoíche roimhe.

Ní chuirfeadh sé iontas ar bith orm dá mba rud é go raibh Hail, Caesar! ina thoradh ar a mhacasamhail de phróiseas.

Is scannán é seo faoi Eddie Mannix, “léiritheoir” scannáin in Hollywood sa bhliain 1951; fear a shocraíonn gach fadhb, beag nó mór, don stiúideo scannáin a fhostaíonn é.

Tá an phríomhpháirt sin déanta ag Josh Brolin, seanchara de chuid na ndeartháireacha Coen nó eisean a léirigh páirt Llewellyn Moss in No Country For Old Men.

Liosta fada ainmneacha atá i gcomhluadar leis: George Clooney, Channing Tatum, Ralph Fiennes agus Tilda Swinton ina measc.

hail-caesar-14668-large

Go luath sa scannán, fuadaítear réalta mhór de chuid an stiúideo i lár na tréimhse scannánaíochta, agus bíonn ar ár gcara Eddie Mannix iarracht a dhéanamh é a fháil ar ais.

I bhfírinne, áfach, níl ann sa phlota sin ach gléas a thugann leithscéal do Joel agus Ethan moll radharc greannmhar, saoithiúil a shnaidhmeadh fríd an scannán.

Na radhairc bheaga mhire sin a cumadh os ard i rith na n-oícheanta smaointeoireachta sin – tá siad uilig ann!

Tá sé lán tagairtí do sheansheoda Hollywood, bunús acu nár thuig mé, ach bhí sé soiléir gur sin a bhí á dhéanamh acu.

Déantar aithris ar go leor leor de sheánraí an ama sin: an stíl noir, na ceoldrámaí, na heipicí stairiúla, na buachaillí bó – tá blas díobh ar fad in Hail, Caesar!.

Agus bíonn lorg an ghrinn sna tagairtí ar fad, nó is léir go bhfuil Hail, Caesar! ag iarraidh gean don tréimhse sin ar fad a chur in iúl.

Éiríonn leo scannán éadrom, greannmhar a chur le chéile, cé go bhfuil sé aisteach, fiú amaideach in amanna.

I lámha duine ar bith eile, bheadh sé seo ina phrácás, ach faoi smacht na ndeartháireacha Coen, oibríonn sé.

Cuireadh Wes Anderson i gcuimhne dom go minic síos fríd – beagnach gurb ionann carachtar Ralph Fiennes in Hail, Caesar! agus an carachtar a léiríonn sé in Grand Budapest Hotel – agus má tá dúil agat i stíl ar leith an stiúrthóra Mheiriceánaigh sin, déarfainn go mbeidh dúil agat sa cheann seo.

Ní gnáthscannán grinn é; tá sé seafóideach osréalach in áiteanna, rud nach n-oireann do achan duine.

Ach níl aon amhras ach go raibh an-spraoi ag Joel agus Ethan Coen is iad ag cur an scannáin le chéile, agus bhí an-spraoi agam is mé ag amharc air.

SCÉALTA EILE