Deir Paul Mescal gur ‘bhreá’ leis a bheith i scannán Gaeilge

Tá sé ráite ag an aisteoir mórchlúiteach Paul Mescal gur “bhreá” leis a bheith i scannán Gaeilge amach anseo. Bhí an t-aisteoir as Cill Dara a fuair a chuid bunsolaíochta agus cuid dá mheánscolaíocht i nGaeilge faoi agallamh ag Caitlín Nic Aoidh, láithreoir de chuid TG4, ar an gcairpéad dearg ag Gradaim na BAFTAs i Sasana aréir nuair a dheimhnigh sé do bhean Thír Chonaill go bhfuil an-spéis aige a bheith i scannán Gaeilge sna blianta amach romhainn.

https://twitter.com/TG4TV/status/1627396598966718466

Ba i nGaeilge a rinne Paul an t-agallamh le Caitlín, agus cé gur ghabh sé leithscéal léi as an meirg a bhraith sé a bhí tagtha ar a chuid Gaeilge ó rinne sé an Teastas Sóisearach i nGaeilge tuairim is deich mbliana ó shin, ba é tuairim an phobail ar na meáin shóisialta nach raibh call ar bith ar Ghaeilge fhear Mhaigh Nuad.

Mhol Paul Éireannach eile a bhí láthair ag na BAFTAs aréir – Colm Bairéad a scríobh agus a stiúir an scannán An Cailín Ciúin. Bhí scannáin Choilm ainmnithe do ghradaim ag an searmanas i Sasana ach faraor níor bronnadh aon cheann acu ar an scannán Gaeilge atá go mór i mbéal an phobail ó ainmníodh do Oscar níos luaithe i mbliana é. Bhí Paul féin ainmnithe do ghradam as ucht a chuid aisteoireachta sa scannán Aftersun ach ba é an Meiriceánach Austin Butler a thug leis an gradam dá chuid oibre sa phríomhról sa scannán Elvis.

SCÉALTA EILE