Deireadh le brionglóid an Oscair do ‘An Cailín Ciúin’

Níor éirigh le An Cailín Ciúin an gradam don scannán i dteanga nach í an Béarla í a thabhairt leo ag Gradaim an Acadaimh in Los Angeles anocht. Bhí dóchas ag na Gaeil go dtabharfadh an chéad scannán Gaeilge a ainmníodh dá leithéid de ghradam an duais mhór thar Atlantach abhaile, ach faraor níor tháinig tuar faoin tairngreacht sa deireadh.

Is ar an scannán Gearmáinise Im Westen Nichts Neues, scannán cogaidh atá bunaithe ar leabhar dar teideal céanna, a bronnadh an tOscar ag an searmanas a reáchtáladh sa Dolby Theatre in Hollywood anocht.

Is iomaí duais eile a bhain foireann An Cailín Ciúin amach i gcaitheamh na bliana ó eisíodh den chéad uair é in Berlin i mí Feabhra na bliana seo caite, seacht ngradam IFTA ina measc.

SCÉALTA EILE