Dhá rogha ón phictiúrlann

We Are Many (12a)

Scannán faisnéise leis an stiúrthóir agus scríbhneoir Amir Amirani faoin agóid is mó ar domhan, a reáchtáladh i gcoinne an chogaidh san Iaráic.

Ar 15 Feabhra 2003 ghlac níos mó na 15 milliún duine in os cionn 80 tír timpeall na cruinne páirt san imeacht agóide domhanda is mó sa stair.

Insítear an scéal le meascán d’ábhar cartlainne agus agallaimh chomhaimseartha.

Cluintear ó dhaoine a raibh baint acu i saol polaitíochta an ama agus sna himeachtaí agóide ar an talamh.

Déantar scagadh chomh maith idir an anonn is anall idir na mórpholaiteoirí, Cigire Armtha na Náisiún Aontaithe Hans Blix agus iar-Cheann Foirne Státrúnaí Na Stát Aontaithe Colin Powell ina measc.

Ó thaobh Pharlaimint na Breataine de, cuirtear David Plunkett, Clare Short and Lord Falconer faoi agallamh, cé nach bhfuil Tony Blair, an príomhaire ag an am, le cloisteáil.

I measc na ndaoine eile atá páirteach, tá iriseoir Peter Oborne, údar John le Carré, an scannánóir Ken Loach agus Tony Benn, polaiteoir aitheanta den eite chlé.

Tá clú agus cáil ar an Iaránach-Londanach Amir Amirani, a bhfuil scannáin déanta aige ar ábhair éagsúla ó ‘dhomhan na nGradam’, ‘Teach Jimi Hendrix i Londain’, ‘Ceol faoi chinedheighilt’ agus ‘Uafáis na Cogaíochta’.


Lailaa O Lailaa (12a)

Scéinséir aicsin i dteanga na Mailéalaimise, stiúrtha ag Joshiy, scannánóir de chuid na India a bhfuil os cionn 80 scannán stiúrtha aige.

Is iad Mohanlal, aisteoir iomráiteach ar mhinic é a bheith luaite le scannáin Mailéalaimise, agus an t-aisteoir galánta Amala Paul atá sna príomhpháirteanna.

Scéal aicsin sceimhlitheoireachta suite i gcathair phlódaithe Bangalore, a bhfuil grá beirte ina chroílár.

An chéad scannán sa stát a léiríodh trí shlua-chistiú, ná bí ag súil le haon iontas.

Más leantóir de chuid Joshihy thú nó má thaitníonn scannáin Bollywood leat, cuirfidh tú spéis ann.

Muna bhfuil, gabh le rogha a haon.

SCÉALTA EILE