Dhá rogha ón phictiúrlann

Súil ar an chuid is fearr de na scannáin atá ar taispeáint i bpictiúrlanna na tíre an deireadh seachtaine seo.


The Canal (15)

An scannán is déanaí faoi stiúir agus ó pheann an Éireannaigh ildánaigh Ivan Kavanagh, tá sé suite inár bpríomhchathair féin, Baile Átha Cliath.

Bogann lánúin agus a mbuachaill óg isteach i seanteach Seoirseach atá le hathchóiriú acu.

Go gairid ina dhiaidh sin, buailtear David (Rupert Evans) le taom síocóise nuair a fheiceann sé a bhean chéile, ag luí le fear eile.

In olcas a théann an scéal don cheann feadhain David, a éiríonn ró-ghafa le dúnmharú a tharla sa teach céanna sa bhliain 1902, inár mharaigh fear a bhean chéile, a iníon agus an gogamán leo.

Is scannán uafáis atá anseo, bunaithe ar a bhfuil ag titim amach i ndomhan inmheánach an phríomhcharachtair, agus san fhíorshaol.

Le téama na meabhairshláinte go láidir ann, tá idir phúcaí, dhúnmharú, shíocóis, gheall, bhrón agus bhriseadh croí sa chanáil áirithe seo.


Rosewater (15)

Bunaithe ar fhíorscéal, díríonn Rosewater ar an iriseoir agus gníomhaí cearta daonna, Maziar Bahari (Gael Garcia Bernal) a gabhadh agus a cuireadh i ngéibhinn san Iaráin in 2009.

118 lá a chaith an Ceanadach-Iaránach i bpríosún in iarthuaisceart Tehran, agus é á dhiancheistiú leis an láimh láidir.

Gabhadh Bahari le druidim Thoghchán Uachtaránachta na hIaráine agus é tar éis bheith i mbun cainte ar an chlár scigaithrise Cheanadach ‘The Daily Show with Jon Stewart’.

Tá leabhar scríofa ag Bahari faoin tréimhse seo dar teideal Then They Came For Me agus dar leis féin, is léiriú an-mhaith é an scannán ar a bhfuil sa leabhar aige.

An chéad scannán le Jon Stewart, iarchraoltóir atá imithe i dtreo na stiúrthóireachta.

Sea… is é an Jon Stewart céanna é.

Nach maith an casadh.

SCÉALTA EILE