The Falling (16)
Scríofa agus stiúrtha ag Carol Morley, díríonn The Falling ar bheirt déagóirí, ar dlúthchairde iad Lydia (Maisie Williams) agus Abbie (Florence Pugh).
Suite sa bhliain 1969 titeann eachtraí an scéil amach i scoil chónaithe i Sasana.
Ach má tá tú ag súil le scannán ‘teacht in aois’, ní amhlaidh atá i gceist.
Leanann an scéal Lydia, curtha i láthair ag Maisie Williams (Arya Stark ó Game of Thrones), cailín leochaileach a éiríonn róghafa lena cara Abbie.
Tá an-chaint faoi The Falling mar gheall ar Morley a bheith luaite leis.
Is í Morley a bhí taobh thiar den scannán faisnéise Dreams of a Life (2011), a dhírigh ar Joyce Carol Vincent, bean a bhásaigh ina teach cónaithe i dtuaisceart Londan in 2003 ach nach bhfuarthas marbh í go ceann trí bliana ina dhiaidh sin.
A Pigeon Sat on a Branch Reflecting on Existence (12A)
An scannán deiridh sa tríolóig a thagann i ndiaidh Songs from the Second Floor agus You, the Living.
Tá sé ráite ag an stiúrthóir Sualannach Roy Anderson gur imir mórscannán clasaiceach Bicycle Thieves Vittorio De Sica an-tionchar ar an saothar is déanaí leis.
Curtha i láthair i Sualainnis, is léiriú an-mhaith é ar chultúr na tíre, le hábhar grinn agus machnaimh fite fuaite.
Ba ag Féile Idirnáisiúnta Scannán na Veinéise anuraidh a taispeánadh an scannán seo den chéad uair, áit ar tháinig sé chun tosaigh sa rannóg ‘Scannán is Fearr’.