Domhan na faisnéise

Tá Guth Gafa, an t-aon mhórfhéile scannán faisnéise neamhspleách sa tír, ag ceiliúradh 10 mbliana ar an fhód leis an chlár is mó dá cuid riamh.

In áit trí lá, mar ba ghnách go dtí seo, beidh imeachtaí na féile ar siúl thar thréimhse cúig lá, idir 3-7 Lúnasa, i gCeannanas Mór, Co. na Mí.

Taispeánfar i mbliana, breis agus 50 scannán faisnéise a rinneadh ar fud an domhain.

Is scannáin úra formhór acu nach bhfacthas in Éirinn go dtí seo.

Mar is nós le Guth Gafa, beidh na scannánóirí féin i láthair agus beidh deis ag an lucht féachana cur agus cúiteamh iar-scannáin a dhéanamh leo.

Anuas air sin, beidh an lucht féachana in ann tumadh isteach i ndomhan na réaltachta fíorúla, gné ar leith nár triaileadh cheana ag féile scannán sa tír seo.

FRANCE-VIDEO-GAMES-SHOW

Cuirfear ocht ngléas cinn ar fáil le linn na féile, agus beidh rogha d’ocht ngearrscannán réaltachta fíorúla ann.

Ina measc tá The Easter Rising agus Voice of a Rebel, a chuireann an breathnóir i gceartlár na n-imeachtaí in Ard-Oifig an Phoist le linn an Éirí Amach agus tá an scannán Éireannach Apollo 11, the Story of the Greatest Journey ever taken by Human Kind.

Ag labhairt di le NÓS, dúirt Anita Guidera ó fhoireann Guth Gafa go bhfuil siad ar bís faoin eispéireas éagsúil seo a bheith ar fáil don lucht féachana.

“I ndomhan na scannán, tá réaltacht fhíorúil chomh nua sin nach bhfuil fadscannán déanta fós, ach tá scannánóirí faisnéise á húsáid níos mó agus níos mó mar go mbaineann cumhacht ar leith léi chun comhbhá a mhúscailt ionainn.”

Is uirlis thar a bheith corraitheach í, dar le Anita, go háirithe le haghaidh scannán faoi chearta daonna agus ceartas sóisialta, ábhar mórchuid na scannán ar chlár Guth Gafa.

Creideann Anita go dtéann an insint fhíorúil go mór i bhfeidhm ar an té atá ag breathnú air.

Tá an gearrscannán faisnéise Clouds Over Sidra ar chlár réaltachta fíorúla na féile fosta.

Scannán is ea é seo ina n-insítear scéal cailín óig as an tSiria atá ag maireachtáil i gcampa san Iordáin.

“Tá tú istigh sa champa. Gach áit a bhreathnaíonn tú, féachann tú a bhfuil ag titim amach.

“Tá radharc 360 agat ar shaol an chailín óig seo agus ar an domhan ina maireann sí.

Is furasta dúinn sa lá inniu a bheith scoite amach ó na rudaí atá ag titim amach ar domhan, dar le Anita, ach sa chás seo ní ligtear duit.

“Bheadh ort an gléas cinn a bhaint de do chloigeann le héalú uaidh.”


Tá clár na féile ar fáil anseo.

SCÉALTA EILE