Bhí Covid orm den dara huair cúpla seachtain ó shin, agus mar sin bhí mé sa tóir ar chláracha teilifíse agus scannáin le breathnú orthu. Ach, seachas The Sandman ar Netflix, níor bhain mé taitneamh as clár ná scannán ar bith leis an dráma agus an scannal ar Twitter timpeall ar scannán nua Olivia Wilde, Don’t Worry Darling.
Idir an nuacht maidir le Shia LeBeouf (ar fhág sé an scannán nó an bhfuarthas réidh leis?), an caidreamh idir Harry Styles agus Olivia Wilde (an bhfuil siad fós le chéile?) agus go deimhin an caidreamh idir Styles agus Chris Pine, (cé a chaith seile ar cé ag féile Cannes?!), bhí neart siamsaíochta ar fáil do dhuine nach raibh in ann an leaba a fhágáil.
Mar sin bhí sé cineál aisteach ag dul chuig an pictiúrlann le breathnú ar an scannán féin, agus deacair an nuacht ar fad a chur as mo cheann agus suí le féachaint ar an scannán. Ach sin a rinne mé, agus céard a cheap mé faoin scannán féin i gcomparáid leis an gclampar agus an scannal timpeall air?
Cineál díomách leis an fhírinne a inseacht. Leanann an scéal Alice (Florence Pugh) agus Jack (Harry Styles) agus iad ina gcónaí sa mbaile idéalach Victory, áit ina bhfuil na fir ag obair ar thogra rúnda, agus fanann na mná sa teach ag glanadh agus ag cócaireacht. Ach tá rud éigin mailíseach faoin mbaile beag seo, agus nuair a bhuaileann tragóid cara Alice, tagann amhras uirthi faoin mbaile agus an fear a ritheann an togra ar fad, Frank (Chris Pine).
Má chuireann an scéal seo an scannán The Stepford Wives i gcuimhne duit, ní bheadh tú i bhfad ón gceart. Tá sé ar nós scannán atá feicthe agam cúpla uair cheana, rud a bhaineann go leor den teannas as.
Go deimhin, murach Florence Pugh, ní bheadh tada le m’aird a choinneáil sa scannán. Déanann sí mórán le beagán. Tá sí thar a bheith tarraingteach agus mealltach, agus coinníonn sí aird an lucht féachana cé nach ndéanann roghanna a carachtar Alice mórán céille.
Ach oibríonn an mhealltacht nádúrtha atá ag Pugh in aghaidh an scannáin chomh maith. Aon uair atá sí i radharc le Harry Styles, tá sí chomh láidir gur féidir laigeachtaí Styles mar aisteoir a fheiceáil go soiléir. Tá sí cumhachtach, agus is féidir chuile rogha a dhéanann sí mar aisteoir a fheiceáil go soiléir, i gcomparáid le Styles, duine atá mealltach ar stáitse gan dabht, ach gan pioc den dáimhiúlacht chéanna aige ar an scáileán.
Go deimhin níl sé féaráilte an bheirt a chur i gcomparáid lena chéile, mar tá Florence Pugh ar leibhéal iomlán eile aisteoireachta. Agus níl fios agam beo céard atá Harry Styles a dhéanamh lena chanúint, tá sé ar nós Meiriceánach ag iarradh canúint Shasanach a chur air féin, agus níl ag éirí leis. Tá sé chomh haisteach.
Ó thaobh stiúradh de, bhí mé ag súil le go leor ó Olivia Wilde théis an scannáin Booksmart atá chomh cliste agus barrúil, ach níl an bunús céanna ag Don’t Worry Darling leis an script chliste atá ag Booksmart, agus mar sin ní féidir mórán den mhilleán a chur uirthi. Tá sí féin mar charachtar sa scannán agus tá sí an-láidir ann, agus is léir go bhfuil cumas aici ag stiúradh chomh maith. Tá na seatanna leagtha amach go maith, tá an dearadh thar cionn agus tá na cultacha foirfe don am. Tá sé ar nós gur tháinig na tithe, na gúnaí agus na carranna díreach amach as na 1950idí. Ach sin a bhfuil ann, stíl gan substaint, lonrach ach leamh.
Ma sin ní féidir mórán eile a rá faoi Don’t Worry Darling, níl sé chomh maith le Nope, níl sé chomh dona go bhfuil sé greannmhar ar nós Blackbird agus níl an croí céanna sa scannán is atá ag Róise & Frank, na scannáin eile ar fad is féidir a fheiceáil sna pictiúrlanna faoi láthair. Mar sin, an moladh a bheadh agamsa do Don’t Worry Darling, ná fanacht go dtagann sé amach ar line faoi cheann cúpla seachtain. Agus ná creid gach rud a fheiceann sibh ar Twitter.com.