Tá mé ag ceapadh go bhfuil beagán comhthéacs ag teastáil uait don léirmheas seo. Sula ndeachaigh mé isteach sa bpictiúrlann, bhí mé tar éis an lá ar fad a chaitheamh ag obair le gasúir óga, ní raibh mórán ite agam agus nuair a shroich mé an phictiúrlann, thug mé faoi deara go raibh mé ag an bpictiúrlann mhícheart, agus bhí orm rith ar nós go raibh slám veileasaraptar i mo dhiaidh, ón IMC ar bhóthar Átha Cinn amach Loch an tSáile go dtí an Eye Cinema le bheith in am don scannán agus mura bhfuil eolas agat ar Ghaillimh, ní hiad is gaire dhá chéile.
Mar sin bhí mé i mo dhris sular thosaigh an scannán ar chor ar bith, agus shíl mé go mbeadh ar Jurassic World 2: Fallen Kingdom a bheith ar chaighdeán an-ard le léirmheas maith a fháil uaim agus an cantal a bhí orm. Anois, cé nárbh é an scannán ab fhearr a déanadh riamh é, tar éis é a fheiceáil, bhí mo chantal imithe, ach bhí mé fágtha le mothúchán i bhfad níos measa — brón.
Is cinnte nach bhfuil an scéal chomh láidir sin ann. Uair an chloig tar éis an scannán a fheiceáil, agus bia i mo bholg, rinne mé iarracht an scéal a scríobh amach ó chuimhne, agus seo é an méid a tháinig: Tá chuile dhuine ar ais ar an oileán arís leis na dineasáir a shábháil an t-am seo (cén fáth?), ar chúis éicint tá daoine ag iarradh dineasáir a úsáid mar airm ollscriosta, cé go bhfuil siad i bhfad níos deacra le smachtú ná gnáthairm, agus níos éasca le stopadh.
Is é mo phointe ná nach bhfuil aon chiall leis an scéal. Ach ní raibh mórán céille leis an gcéad Jurassic World — i ndáiríre bhí sé cineál dúr, ach thaitin sé sin liom i bhfad níos mó ná seo. Tá na héifeachtaí speisialta ar fad go maith, na haisteoirí ar fad cumasach agus bhí cúpla smaoineamh suimiúil agus físiúil sa scannán ón stiúrthóir, JA Bayona — cén fáth mar sin gur airigh mé in ísle brí ina dhiaidh?
Smaoinigh siar ar an gcéad Jurassic Park. Smaoinigh ar na radhairc is fearr sa scannán sin — an chéad uair a fheiceann Dr Grant na dineasáir, óráid Ian Malcolm (“Life finds a way”), an t-uisce ag crith le coiscéim an T-Rex, na raptóir sa gcistin agus neart eile. Fiú amháin in The Lost World agus in Jurassic World, tá radhairc iontu a sheasann amach — an T-Rex i San Diego agus an dineasár mór ag ithe an tsiorca mar shampla. Níl radharc ar bith mar sin i Jurassic World 2: Fallen Kingdom agus airíonn sé níos cosúla le rollchóstóir i bpáirc shiamsaíochta Universal ná scannán a bhfuil fís taobh thiar de, go háirithe sa gcéad leath.
Shílfeá go raibh go leor le déanamh ag na bocanna móra i Universal leis an scannán seo, agus tá sé plódaithe le dineasáir nua agus éifeachtaí speisialta. Feabhsaíonn sé ag an deireadh, agus bheadh suim agam an tríú scannán a fheiceáil mar gheall ag an deireadh atá leis an gceann seo, ach tá dhá uair an chloig ann roimhe sin atá leadránach, leamh agus a ndéanfaidh tú dearmad air.