Eipic ait aisteach…
Léirmheas ar 'The Mustering of the Harrier'

Cad é an seó is aistí atá feicthe agat le cúpla bliain anuas?

Braithim féin draíocht ag baint le gach sórt dráma agus seó grinn ach tá rud speisialta ar fad ag baint leis an rud aisteach.

Rud a bhaineann stangadh siar asat amach.

Rud úr agus éagsúil.

Sin atá againn sa saothar saoithiúil is déanaí ó Hugh Cooney.

Tá cáil éigin ar an Cooney céanna ó chroch sé físeáin rí-aisteacha ar an idirlíon i laethanta luatha Youtube.

É féin agus ceamara agus rólanna éagsúla iomadúla á nglacadh aige.

Greann dorcha ait a bhí ann an t-am sin agus an caighdeán léirithe íseal go maith.

An rud is déanaí uaidh ná The Mustering of the Harrier a raibh a phremière ar siúl i Hangar i mBaile Átha Cliath le déanaí.

Cad atá ann?

Níl a fhios agam go díreach.

Buncheist faoi aon léirmheas ná a mhíniú a bhfuil i gceist leis an saothar.

The Mustering of the Harrier chomh héagsúil sin ó gach rud atá feicthe agam le blianta gur deacair a rá cad atá ann.

Déanfaidh mé iarracht.

Sraith idirlín 6 eip agus thart ar 5 nóiméad an ceann.

Scéal a phléann leis na ‘Harriers’, ridirí síochánta a mhaireann in am ait éigin idir fadó fadó agus amach anseo sa todhchaí.

Creatlach an scéil ná imreas idir na carachtair seo; marú brúidiúil, turas guaiseach agus laochra cróga.

Mar chuid den phremière léiríodh an tsraith idirlín agus beagán de sheó beo idir na heipeasóidí éagsúla.

Chuir an chuid bheo go mór leis an ócáid.

Chaitheas leath den oíche le mo bhéal ar leathadh lena raibh de shamhlaíocht sa phíosa, agus an chuid eile ag scairteadh gáire.

Cé go bhfuil cuid den ghreann ann traidiúnta go leor – rian Monty Python ann – fágann an chuid eile rud an-ait ar fad againn.

An aeistéitic DIY, cúlra an fhíseáin déanta le scáileán glas agus Paint, giotaí as stoc-fhíseáin (agus brandáil Shutterstock orthu go bródúil fós) iad ar fad greamaithe le chéile i meascán mearaí mire LSD-úil.

Caith isteach na cultacha teibí lámhdhéanta, samhail 3D den domhan (a dtéann ár laoch trí na ballaí ar mhuin capaill go dána), agus an greann a phléann rudaí beaga neafaiseacha shaol an millenial agus tá iomlán fíormhealltach againn.

Tá plé feicthe againn cheana ar roinnt den ábhar: an gaol atá idir an líon eochracha atá ag duine agus tábhacht an duine sin, agus cé chomh deacair is atá sé cód wifi a thabhairt do dhuine ar theacht isteach i do theach dó ach ní fhacamar a leithéid i dtimpeallacht chraiceáilte mar seo cheana.

The Mustering of the Harrier chomh héagsúil agus chomh húr sin go síneann sé mo thuiscintí ar cad is scéal nó greann ann.

Tá a chur chuige radacach ag luí orm agus mé ag breathnú ar ghreann d’aon saghas anois.

Géillim go bhfuil cuid den ghreann measartha traidisiúnta, abair an bosca sin sean-luchtóirí fóin atá ag gach éinne i gcófra éigin – ach pléitear leis i bhfoirm atá chomh húr freiseáilte sin go dtugtar saol nua ar fad dó.

An rud is tábhachtaí sa mhanglam seo ná Hugh Cooney féin a ghlacann mórchuid na rólanna ann.

Ní hamháin go mbíonn sé pointeáilte ó thaobh fhéith an ghrinn de ach éiríonn go geal leis an tseafóid a mheascadh go gleoite le neafais shaol an lae inniu.

Beidh an tsraith á léiriú arís agus seónna beo pleanáilte do Londain ach ní fios fós cá mbeidh an tsraith le feiceáil.

Cé nach gcuirfeadh sé iontas orm dá mbeadh rath an-mhór air, ní chuirfeadh sé iontas orm ach oiread go mbeadh roinnt ann nach gcuirfeadh spéis ar bith ann.

Pé rud é is léiriú é ar an méid is féidir le dream beag neamhspleách a dhéanamh as a stuaim féin.

An féidir gur foirm nua grinn é fiú?

Beidh le feiceáil.

Agus ar luaigh mé go raibh sé ait?


Fógrófar taispeántais eile de ‘The Mustering of the Harrier’ anseo.