Fáilte ar ais chuig an todhchaí!

Ba é cothrom an lae seo, eh, inniu a tháinig (a thiocfaidh?) Marty McFly, a chailín Jennifer agus an dochtúir craiceáilte clúiteach, Emmett Brown, ar ais go Hill Valley ina meaisín ama sa dara scannán den tsraith íocónach Back to the Future.

21 Deireadh Fómhair 2015 an dáta a bhí ar dhaisphainéal an DeLorean agus é de chuspóir acu dul ar aghaidh 30 bliain sa todhchaí chun cuidiú le páistí Marty agus Jennifer, nach raibh acu go fóill (má thuigeann sibh muid).

Is mar gheall ar an dáta sin go bhfuil ‘Back to the Future Day’ á bhaisteadh ar an lá inniu agus tá imeachtaí agus ócáidí éagsúla ar siúl ar fud na cruinne chun ceiliúradh a dhéanamh ar an tsraith, ina raibh Michael J. Fox agus Christopher Lloyd sa dá phríomhról.

Seans nár fíoraíodh gach tairngreacht a thuar stiúrthóirí an scannáin faoin saol in 2015 ach tá go leor cainte faoin lá mór ar líne le tamall agus tá cúpla mionfhíseán foilsithe ag Marty agus an Doc fiú leis an ócáid a phoibliú,

Ar a bharr sin ar fad beidh deis ag daoine na trí scannán sa tsraith a fheiceáil i bpictiúrlanna áirithe inniu chomh maith.

Chun tús ceart a chur leis an lá, mar sin, seo físeán beag grinn atá déanta ag an suíomh collegehumor.com faoin domhan mar atá go fírinneach sa lá atá inniu ann.

Bainigí sult, agus beannachtaí an lae chugaibh!


SCÉALTA EILE