Fáilte ar ais, Star Wars

* Níl aon mhillteoir sa léirmheas seo.


Fadó, fadó, in óige i bhfad, i bhfad ar shiúl, bhí sraith scannán ann a bhí ar an tsraith scannán ab fhearr riamh.

Bhuel a chairde, tá sé ar ais.

Osclaíonn Star Wars: The Force Awakens ar fud na tíre inniu agus ní áibhéil a rá go raibh fanacht fada leis an cheann seo.

Cé gur eisíodh Eipeasóid III Revenge of the Sith 10 mbliana ó shin, le fírinne tá lucht leanúna Star Wars ag fanacht go mífhoighneach ó bhí 1983 ann le scannán theacht amach a bheadh inchurtha leis na chéad trí shárshaothar a chuir tús leis an fheiniméan réaltrach is mó an taobh seo de Tatooine.

Agus anois tá sé anseo.

Tá JJ Abrams tar éis greim a fháil ar chruinne iontach George Lucas agus í a chur os comhair ár súl ar bhealach chomh beoga, chomh corraitheach, chomh réalaíoch agus chomh taitneamhach go nglanann sé na réamhscannáin úd de do chuimhne.

Beagnach.

Seo stiúrthóir a raibh tuiscint bheacht aige ar an réaltra a raibh sé ag teacht i gcomharbacht air agus ar an dúil as cuimse a bhí ag daoine ina dhomhain, ina charachtair agus ina inne féin.

Níor lig sé síos muid.

Ón chéad radharc de spáslong ollmhór de chuid na hImpireachta (nó an First Order mar atá orthu anois) ag bogadh go mall thar phláinéad geal, agus nótaí foirfe John Williams mar fhuaimrian, is léir gur seo Star Wars den tseanstíl.

Tá tírdhreach gainmheach ag an phláinéad céanna fiú, Jakku, mar aon le cónaitheoir óg a bheas lárnach don chuid eile den scéal.

In ionad leaid áfach is cailín, Rey (Daisy Ridley), a dtagann cor ina cinniúint agus a chasann gan mhoill le hiarStormtrooper (John Boyega) atá ag teitheamh ón Chéad Ord mallaithe.

Gan mórán a lua faoin phlota, is leor a rá go mbuaileann an bheirt nua seo (a dtugann taispeántais den scoth uathu ó thús deireadh) le cuid dár seanchairde – Han, Chewie agus Leia san áireamh – agus cuireann siad tús le heachtra úr chontúirteach a bhfuil níos mó ná macalla amháin ann d’eachtra nó dhó a tharla roimhe.

chewbacca-harrison-ford-the-force-awakens

Má tá an greann agus an dánacht chéanna san Uasal Solo, tá an bhagairt oilc chéanna ón Taobh Dorcha, an uair seo á chur i láthair go príomhá ag Kylo Ren (Adam Driver), tiarna óg a bhfuil rún millteanach aige.

kylo-ren

Ní rún ar bith é ar an taobh seo dár bpláinéad féin go bhfuil oileán áirithe le feiceáil sa scannán agus, mar a bheifeá ag súil, tá cuma mhaorga ghleoite air in ainneoin nach bhfuil aige ach cúpla nóiméad ar scáileán – tá féidearthacht ann go mbeidh sé le feiceáil in Eipeasóid VIII.

I gcodarsnacht le maorgacht Sceilig Mhichíl, tá na radharcanna aicsin lán teannais is spleodair agus ní bheidh aon díomá orthu siúd a d’eitil X-Wing amuigh sa ghairdín cúil riamh, nó a bhí mar phíolóta ar throdaí TIE fiú.

Ag caint ar theicneolaíocht an réaltra, seans go dtéann an dróideach ciorclach nua BB-8 thar fóir in amanna.

Agus an bhfuil an iomarca tagairtí glice agus ómóis sa script do na clasaicí ar thit muid i ngrá leo blianta ó shin?

B’fhéidir.

Ach is cuma.

Seo scannán a chuireann sraith Star Wars ar ais ag barr na cruinne agus a neartóidh an Fórsa i ngach duine a fheiceann é.

Anois, cá bhfuil mo chlaíomh solais?

SCÉALTA EILE