Faiteach san Fhoraois…

Is tearc rud sa saol ar féidir bheith ag brath air sa lá atá inniu ann.

Tá na seantraidisiúin ag imeacht le sruth.

Idir fhorbairt na teicneolaíochta agus pholaitíocht éagobhsaí (unstablean domhain, is cinnte go bhfuilimid inár gcónaí ar phláinéad corrach.

Ach ina dhiaidh sin is uile, tá cúpla rud ann a fhanann socair, a sheasann an fód in ainneoin na n-athruithe móra thart orainn.

Mar shampla, is fírinne uilíoch í go mbíonn Bréag ann ag an Cabaret Craiceáilte.

Is fírinne uilíoch í go mbíonn ar a laghad Healy-Rae amháin, agus caipín air, ag seasamh mar iarrthóir sa toghchán i gCiarraí.

Rud eile a dtig linn bheith ag brath air go fóill, nach rachaidh ráithe thart gan Hollywood ag cur amach scannán uafáis ina mbíonn páistí Seapánacha ag cur eagla a gcraicinn ar dhaoine.

Forest1

Is é The Forest sampla an tséasúir seo.

Leanaimid scéal, Sara Price, bean a théann ar lorg a leathchúpla nuair théann sí ar iarraidh sa tSeapáin. Nathalie Dormer (a bhfuil clú uirthi as páirt Margaery Tyrell a dhéanamh in Game of Thrones) a dhéanann ról Sara, agus foghlamaímid go luath nach bhfacthas a deirfiúr ó chuaigh sí isteach i bhforaois mhór ag bun Mount Fuji.

Ar ndóigh, ní gnáthfhoraois atá i gceist.

Is foraois í seo a chuireann smaointe dorcha, gránna, i gceann an té a shiúlann isteach inti, ionas go gcuirfeadh sé lámh ina bhás féin.

Comhlíonann The Forest seicliosta scannán uafáis de chuid Hollywood.

Tá radhairc phreabacha ann, tá suíomh uaigneach lán ceo i gceist, agus mar a luaigh mé cheana féin, tá na páistí Seapánacha scanrúla ann ó thús deireadh.

Ar leibhéal níos doimhne, áfach, teipeann ar The Forest.

Tá an plota lán poll, gan leanúnachas ó radharc amháin go dtí an radharc eile go minic.

Is léir gurb é an chloch is mó ar phadirín an stiúrthóra, Jason Zada, ná go mbeadh an lucht féachana ag léimniú gach cúpla bomaite.

Is go rómhall a bhuail an smaoineamh é go raibh scéal de dhíth , agus scriostar The Forest dá dheasca.

Caitear a rá gur trua é, nó tá gléas plota ar leith curtha amú aige: an fhoraois í féin.

Mar shampla, cá mhéad scannán uafáis atá feicthe againn ina dtéann carachtair síos, leo féin, isteach in íoslach dubh dorcha ina bhfuil dúnmharfóir srathach nó páiste Seapánach éigin ag fanacht leo, agus muidinne ag screadach i rith an ama ar an amadán a theacht aníos arís?

Gan barraíocht den scannán a insint daoibh, úsáidtear an fhoraois go cliste chun na carachtair a chur i mbaol ar bhealach nach gcuireann frustrachas ar an lucht féachana.

Ní rud coitianta sin i seánra an uafáis, ach mar a dúirt mé, cuirtear an poitéinseal sin amú.

Faoin treoir cheart thiocfadh “psychological thriller” fíormhaith a dhéanamh de, b’fhéidir.

Laige eile ná go mbaineann The Forest barraíocht úsáide as an ainm mór, Nathalie Dormer.

Líontar an scannán le radhairc di agus í ag déanamh faic.

Is ise a dhéanann páirt an dá leathchúpla, agus níor éirigh leis sin ó rinne Lindsay Lohan mar an gcéanna i scannán na bliana in 1998, Parent Trap.

Sa chás seo, ní ar Dormer atá an locht.

Titeann caighdeán s’aici i gcomhréir le caighdeán an radhairc, ach tá codanna ann a mbíonn a cuid aisteoireachta inchreidte, láidir fosta.

I ndeireadh na dála más mian leat eagla bheith ort anois is arís ar feadh uair go leith, déanfaidh The Forest cúis.

Ach ná bí buartha mura bhfeice tú é, nó is gairid go mbeidh scannán eile a dhéanfaidh sin duit.


Beidh The Forest á thaispeáint i bpictiúrlanna na tíre Dé hAoine, 26 Feabhra.  

 

SCÉALTA EILE