Bhí neart cainte ar réabhlóid agus ar réabhlóidithe le cúpla lá anuas agus níl deireadh leis fós mar go bhfuil cuid mhór imeachtaí faoin téarma céanna le teacht sna míonna amach romhainn.
Ní hamháin go mbeidh Ravelóid ag titim amach i mí an Mheithimh (an bhfuil bhur dticéid agaibh go fóill?!) ach roimhe sin i mí Bealtaine beidh féile nua scannán ar siúl i gConamara a dhíreoidh ar shathaoir a phléann le hábhair réabhlóideacha.
Mar chomóradh ar Éirí Amach na Cásca 1916 tá Féile Scannán na Réabhlóide 2016 á reáchtáil ag Club Scannán Sailearna ina dtaispeánfar scannáin Éireannacha agus idirnáisiúnta agus ina ndéanfar anailís agus plé ar an gcaoi a gcuirtear 1916 agus réabhlóidí i gcoitinne in iúl trí mheán na scannánaíochta.
I measc na scannán éagsúil a bheidh á dtaispeáint beidh Mise Éire (1959), Áille an Uafáis / A Terrible Beauty (2013), October – Ten Days That Shook the World (1928), Soy Cuba / I am Cuba (1961) agus The Battle of Algiers (1966).
Ar na cainteoirí a bheas páirteach tá na saineolaithe staire agus scannáin Mary Harris, Gearóid Ó Tuathaigh agus Seán Crosson, mar aon le scannánóirí ar nós Bob Quinn.
Beidh Féile Scannán na Réabhlóide ar siúl in Amharclann na Seanscoile, Indreabhán, Co. na Gaillimhe, ón Aoine 27 Bealtaine go dtí an Domhnach 29 Bealtaine, agus níl ach €30 ar thicéad iomlán don deireadh seachtaine.
Tá €6 ar thaispeántais aonair agus is féidir gach eolas, an clár iomlán agus ticéid a fháil anois ar clubscannan.ie