‘Finky’, ‘Ryan’s Daughter’, agus ‘LEGO Ninjago as Gaeilge’ – sceideal scannán na Nollag fógartha ag TG4

Taispeánfar an scannán nua Gaeilge Finky (2019) den chéad uair ar an teilifís ar TG4 ar Lá Caille. Is é Finky an chéad scannán a rinneadh faoin scéim nua Cine4 a thosaigh cúpla bliain ó shin, scannán ina n-insítear scéal an cheoltóra Micí Finky. Scéal ‘gránna brónach truamhéalach‘, dar le léirmheastóir NÓS, é seo ar fiú go mór breathnú air.

27 scannán ar fad atá ar an sceideal do thréimhse na Nollag 2020 – méadú mór ar an 16 scannán a taispeánadh ar TG4 anuraidh — agus rogha leathan ann do lucht féachana an stáisiúin Gaeilge. Cuirfear tús leis an sceideal scannán ar an 19 Nollaig leis an scannán Lorenzo’s Oil (1992), a ainmníodh d’Oscar sna 1990idí. Beidh na scannáin á dtaispeáint ar TG4 go dtí Lá Caille nuair a thaispeánfar leagan Johnny Depp de Charlie and the Chocolate Factory (2005).

Beidh na scannáin Éireannacha Dancing at Lughnasa (1998) , Into the West (1992), agus Ryan’s Daughter (Ryan’s Daughter) á dtaispéaint le linn na féile freisin, chomh maith le heagrán Gaeilge den LEGO Ninjago Movie (2017).

Ar ndóigh, bímid uilig ag iarraidh a bheith ag breathnú ar scannán ‘do pháistí’ aimsir na Nollag agus tá rogha mhaith ar an sceideal ag TG4 dúinn idir A Dennis The Menace Christmas (2007), Shrek (2001), Harriet the Spy (1996) agus The Adventure of Tintin (2011).

Sceideal na Scannán

19 Nollaig

22.25 Lorenzo’s Oil (1992)

20 Nollaig

17.20 Shrek (2001) [Leagan Béarla]

22.35 Ryan’s Daughter (1970)

21 Nollaig

21.30 Chaplin (1992)

22 Nollaig

17.20 Marmaduke (1992)

23 Nollaig

13.00 Meet Me in Louis (1945)

17.20 A Dennis the Menace Christmas (2007)

23.30 Burn After Reading (2008)

Oíche Nollag

13.00 The Nutcracker (1993)

17.25 Shrek (2001) [Leagan Gaeilge]

22.15 Dirty Dancing (1987)

Lá Nollag

11.30 Lego Ninjago Movie (2017) [Leagan Gaeilge]

13.10 High Society (1956)

18.00 Dancing At Lughnasa (1998)

23.30 When Harry Met Sally

Lá an Dreoilín

17.00 Into The West (1992)

23.30 Whitnail and I (1987)

27 Nollaig

17.00 Harriet the Spy (1996)

28 Nollaig

17.00 The Adventures of Tintin

21.15 Mystic River (2003)

29 Nollaig

10.00 A Streetcar Named Desire (1951)

16.50 Marley & Me (2008)

10.20 Little Voice (1998)

30 Nollaig

11.30 LEGO Ninjago Movie (2017) [Leagan Béarla]

22.30 Inside Llewyn Davis (2013)

Oíche Chinn Bhliana

13.00 Guys and Dolls (1955)

17.00 Finding Neverland (2004)

Lá Caille

16.50 Charlie and the Chocolate Factory (2005)

21.20 Finky (2019)

SCÉALTA EILE