Gaeil ar ghearrliosta IFTA

Tá an gearrliosta le haghaidh Ghradaim Scannán agus Dráma IFTA (Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann) fógartha agus tá aisteoirí agus lucht léiriúcháin ó earnáil na Gaeilge i measc na n-ainmniúchán.

Gach bliain déanann IFTA ceiliúradh ar na héachtaí scáileáin is mó ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta agus bronntar ‘Oscar’ na hÉireann ar bhuaiteoirí na rannóg éagsúil.

Den chéad uair riamh tá na gradaim roinnte idir dhá shearmanas (beidh na gradaim scannán agus dráma ag titim amach ar 24 Bealtaine agus na duaiseanna teilifíse le bronnadh 17 Deireadh Fómhair) agus i mbliana tá leathdhosaen ainmniúchán faighte ag réaltaí Gaelacha.

In iomaíocht le haghaidh na duaise don ‘Aisteoir Mná is fearr i bPríomhról Dráma’ tá Michelle Beamish (a bhí mar Róisín in An Bronntanas) agus Maria Doyle Kennedy (dá páirt mar Mairéad sa tsraith ghreanach ardiomrá Corp + Anam).

Tá ionadaíocht eile ag An Bronntanas – scéinséir ceart atá suite ar chósta Chonamara agus a léirigh an comhlacht ROSC – mar go bhfuil Charlotte Bradley ar an ghearrliosta ‘Ban-aisteoir i Ról Taca Dráma’ agus tá ainmniúchán don ‘Script Dráma is Fearr’ faighte ag Tom Collins, Eoin McNamee agus Paul Walker.

bronntanas

Sa rannóg don ‘Ban-aisteoir i bPríomhról Scannáin’ tá an Gaillimheach ildánach Tara Breathnach a bhain clú amach roimhe seo mar gheall ar a rólanna i Ros na Rún agus The Last Days of Ann Boleyn agus atá aitheanta anseo don scannán A Nightingale Falling, atá suite le linn Chogadh na Saoirse.

I measc na nGael eile ar tugadh aitheantas dóibh tá an t-aisteoir Domhnall Gleeson (Frank), an dearthóir clúiteach Eimear Ní Mhaoldomhnaigh (Jimmy’s Hall) agus an t-eagarthóir bisiúil Úna Ní Dhonghaile (The Missing).

Ar a bharr sin tá Song of the Sea – scannán gleoite a bhfuil amhráin Ghaeilge le cloisteáil ann agus leagan iomlán Gaeilge de le heisiúint i mí Iúil – ainmnithe don ‘Scannán is Fearr’ agus don ‘Script Scannáin is Fearr’.

Tá na mórléiriúcháin Bhéarla a eisíodh anseo le bliain anuas ar fad ar an ghearrliosta – Love/Hate, Charlie, Glassland – agus tá na sraitheanna móra idirnáisiúnta ann chomh maith mar atá Game Of Thrones, Vikings agus The Fall.

Cé gur ait ar bhealach go bhfuil scannán atá suite i mBéal Feirste i rannóg idirnáisiúnta, tá sé cuí go bhfuil an fear a chum an ceol le haghaidh ’71, an David Holmes ilghnéitheach, i measc cumadóirí eile ón oileán agus iad san iomaíocht don bhunscór is fearr.


Seo thíos liosta iomlán na n-ainmniúchán:

Scannán is Fearr
Frank
Glassland
I Used to live here
Noble
Patrick’s Day
Song of the Sea

Script Scannáin
Gerard Barrett – Glassland
Frank Berry – I Used to Live Here
Will Collins – Song of the Sea
Terry McMahon – Patrick’s Day

Aisteoir i bPríomhról Scannáin
Moe Dunford – Patrick’s Day
Colin Farrell – Miss Julie
Michael Fassbender – Frank
Jack Reynor – Glassland

Aisteoir i Ról Taca Scannáin
Domhnall Gleeson – Frank
Allen Leech – The Imitation Game
James Nesbitt – Gold
Andrew Scott – Pride

Ban-aisteoir i bPríomhról Scannáin
Tara Breathnach – A Nightingale Falling
Jordanne Jones – I Used to Live Here
Simone Kirby – Jimmy’s Hall
Deirdre O’Kane – Noble

Ban-aisteoir i Ról Taca Scannáin
Kerry Condon – Gold
Sinéad Cusack – Queen and Country
Sarah Greene – Noble
Catherine Walker – Patrick’s Day

Scannán Idirnáisiúnta
′71
Boyhood
The Imitation Game
The Theory of Everything

Aisteoir Idirnáisiúnta
Steve Carell – Foxcatcher
Benedict Cumberbatch – The Imitation Game
Jake Gyllenhaal – Nightcrawler
Eddie Redmayne – The Theory of Everything

Ban-aisteoir Idirnáisiúnta
Patricia Arquette – Boyhood
Toni Collette – Glassland
Jessica Chastain – Miss Julie
Julianne Moore – Still Alice

Dráma
Charlie
The Fall Season 2
Game Of Thrones
Love/Hate 5
Vikings

Script Dráma
Stuart Carolan – Love/Hate 5
Tom Collins/Eoin McNamee/Paul Walker – An Bronntanas
Colin Murphy – The Guarantee
Colin Teevan – Charlie

Ban-aisteoir i bPríomhról Dráma
Caitriona Balfe – Outlander
Michelle Beamish – An Bronntanas
Maria Doyle Kennedy – Corp + Anam
Charlie Murphy – Love/Hate

Ban-aisteoir i Ról Taca Dráma
Charlotte Bradley – An Bronntanas
Aisling Franciosi – The Fall Series 2
Charlie Murphy – The Village (Series 2)
Mary Murray – Love/Hate 5

Aisteoir i bPríomhról Dráma
Jamie Dornan – The Fall Series 2
Aidan Gillen – Charlie
Cillian Murphy – Peaky Blinders Series 2
Tom Vaughan Lawlor – Love/Hate 5

Aisteoir i Ról Taca Dráma
John Connors – Love/Hate
Liam Cunningham – Game of Thrones
Stephen Rea – The Honourable Woman
Andrew Scott – Sherlock: His Last Vow

Cineamatagrafaíocht
PJ Dillon – Vikings
Michael Lavelle – Patrick’s Day
James Mather – Frank
Piers McGrail – Glassland

Smideadh agus Gruaig
All is by My Side
Frank
Ripper Street
Vikings

Dearadh Léiriúcháin
Tom Conroy – Vikings
Mark Geraghty – Vikings
John Paul Kelly – The Theory of Everything
Donal Woods – Downton Abbey

Stiúrthóir Scannáin
Lenny Abrahamson – Frank
Gerard Barrett – Glassland
John Carney – Begin Again
Terry McMahon – Patrick’s Day

Gnéchlár Faisnéise
Blood Fruit – Ferndale Films
In A House That Ceased To Be – Atlantic Film Alliance
One Million Dubliners – Underground Films
Road – DoubleBand Films
Unbreakable – Ross Whitaker

Beochan
An Ode to Love – Matthew Darragh
Fresh Cut Grass – Boulder Media
Somewhere Down the Line – Julien Regnard
The Ledge End of Phil – Paul Morris

Gearrscannán
Boogaloo and Graham – Michael Lennox / Ronan Blaney / Brian Falconer
I Am Here – David Holmes
Rockmount – David Tynan
Skunky Dog – James Fitzgerald

Stiúrthóir Dráma
David Caffrey – Love/Hate 5
Ciaran Donnelly – Vikings
Colm McCarthy – Peaky Blinders Series 2
Dearbhla Walsh – Penny Dreadful

Eagarthóireacht
Úna Ní Dhonghaile – The Missing
Nathan Nugent – Frank
Emer Reynolds – One Million Dubliners
Emer Reynolds – Patrick’s Day

Dearadh Feistis
Joan Bergin – Vikings
Consolata Boyle – Miss Julie
Lorna Marie Mugan – Peaky Blinders
Eimear Ní Mhaoldomhnaigh – Jimmy’s Hall

Bunscór
Ray Harman – Patrick’s Day
David Holmes – ’71
Stephen McKeon – Queen and Country
Stephen Rennicks – Frank

Fuaim
The Canal
Frank
Game of Thrones
Patrick’s Day

SCÉALTA EILE