Gascoigne, Insidious, Survivor & Spy

Gascoigne

Scannán faisnéise faoi imreoir sacair Shasana Paul Gascoigne, nó ‘Gazza’ mar is fearr aithne air, a léiríonn idir mhaith agus olc dá óige agus dá shaol mar pheileadóir, nuair a bhí súil ghearr na meán air.

Mar a rinne James Toback do Mike Tyson, ina scannán Tyson (2008), tá iarracht déanta ag stiúrthóir Jane Preston amhlaidh a dhéanamh agus é bunaithe go mór ar mhóragallamh pearsanta le Gascoigne.

I measc na bpeileadóirí eile atá le cloisteáil i mbun cainte faoi tá captaen Shasana Wayne Rooney, agus Gary Lineker… ní nach ionadh!

Tharraing Gascoigne, ar iarimreoir Rangers é chomh maith, go leor mí-chlú air in Éirinn sa bhliain 1998 nuair a rinne sé aithris ar fhliúiteadóir an ord bhuí ar pháirc imeartha Parkhead, i nGlaschú.

Labhraíonn sé chomh maith faoin dóigh a ndeachaigh bagairt báis ón IRA i bhfeidhm air, a tháinig i ndiaidh an eachtra sin.


Survivor

Is cosúil nach bhfuil deireadh fós le scannáin sceimhlitheoireachta iar 9/11.

Thiocfadh linn an plota a scríobh muid féin faoin am seo.

Seo ceann eile.

Leanann an scéal ceann feadhna Danielle Chuchran, a tháinig i réim mar réalta óg ‘Mary Ingalls’, sa tsraith Little House in a Prarie.

Oifigeach seirbhíse SAM ar gá di dul ar teitheadh agus í cúisithe i gcoireanna nach raibh lámh ar bith aici iontu.


Spy

Melissa McCarthy agus Judy Law a chuireann na príomhpháirteanna i láthair sa scannán grinn seo.

Sáite in obair oifige, í mar chúntóir ag spiaire Bradley Fine, ba bhreá le Susan (McCarthy) a bheith páirteach san aicsean.

I ndiaidh casadh sa scéal, níl rogha eile fágtha ach misean a thabhairt di a chuireann i lár an aonaigh í.

Tá ardmholadh faighte ag McCarthy agus Paul Feig scríbhneoir agus stiúrthóir as a chomhoibriú sa scannán The Heat agus is amhlaidh is fíor don scannán is déanaí leo.


Insidious 3

Scannán réamhtheachtaí mar chuid den tsraith scéinséir Insidious, sula raibh taibhsí ag crá muintir Lambert.

Léiríonn an scéal seo mar a tháinig an síceach óg Elise Rainier ar a buanna osnádúrtha.

Más scéinséir atá uait an deireadh seachtaine seo, seo é!

Tá an ráth ar Insidous agus go leor ag súil leis an tríú scannán seo.

Muna sásaíonn aon cheann de na roghanna do mhianta, seans gur fearr ná pinginí a shábháil do Jurassic World, a bheas a sheoladh ar an tseachtain seo chugainn.

SCÉALTA EILE