An Chathair Mhór is teideal do ghearrscannán Gaeilge a rinneadh i Nua-Eabhrac le déanaí agus atá le taispeáint sa chathair an mhí seo chugainn.
Leanann an scannán scéal Éanna, Éireannach óg atá tar éis aistriú go Nua-Eabhrac chun saol nua a bhaint amach dó féin. Tógann sé post ina gcaithfidh sé aire a thabhairt do Brida, seanghaol leis atá sna Stáit Aontaithe le fada. Cothaítear cairdeas idir an bheirt de réir a chéile – múineann Brida Gaeilge d’Éanna agus cuireann seisean i gcuimhne di an draíocht atá ag baint leis an Úll Mór.
Is é Cian O’Connor, arb as an Daingean, Contae Chiarraí, ó dhúchas dó ach atá anois ag cur faoi i Nua-Eachrach, a scríobh, a stiúir agus a léirigh an scannán, agus is é Éanna Grogan agus Katherine O’Sullivan atá sa dá phríomhról.
“Bhogas go Nua-Eabhrac dhá bhliain ó shin agus an rud a sheas amach dom ná go raibh an-chuid cultúir dhifriúla agus náisiúntachtaí éagsúla sa chathair,” arsa Cian le NÓS.
“I dturas amháin ar an subway bheifeá in ann cúig nó sé theanga a chlos. Mar sin smaoiníos ar an nGaelainn – theastaigh uaim daoine a spreagadh chun í a úsáid agus, chomh maith leis sin, pictiúr a chruthú den eispéireas a bhí agam ar theacht anseo.”
Is i gceantar Woodlawn sa Bronx, áit a bhfuil diaspóra mór Éireannach ann i gcónaí, atá An Chathair Mhór suite agus is Éireannaigh ar fad a bhí sa chriú a d’oibrigh air.
“Ba as Éirinn gach duine ar an bhfoireann, a bhformhór acu ag maireachtaint anseo i Nua-Eabhrac,” a mhínigh Cian.
“Bhí sceideal an-ghnóthach againn. Bhraitheas go rabhamar i mbanna ceoil ar camchuairt agus sinn ag scannánú ar fud na cathrach – ó Times Square go dtí an Lower East Side agus thar n-ais go Brooklyn. Bhíomar inár gcodladh go luath gach oíche, tuirseach traochta tar éis na hoibre agus an taistil a rinneamar le linn an lae.”
B’fhiú an iarracht sin ar fad ar deireadh gan amhras agus anois tá an gearrscannán réidh le cur ar an scáileán i gceann coicíse.
“Tá athas an domhain orm go mbeidh an scannán á thaispeant anseo i Nua-Eabhrac, san Aisling Centre sa Bronx. Is ionad stairiúil é an Aisling Centre a thug tacaíocht dá lán daoine a tháinig anseo ar imirce tríd na blianta. Táimid ag súil go mór leis an oíche.”
Taispeánfar An Chathair Mhór san Aisling Center, Nua-Eabhrac, Déardaoin 14 Meán Fómhair agus beidh Cian i láthair chun ceisteanna a fhreagairt ina dhiaidh.
Is féidir áit a chur in áirithe anseo.