Beidh aird á díriú ar an chéad ghearrscannán Gaeilge-Gàidhlig, Le Chèile, ag an Toronto Irish Film Festival an deireadh seachtaine seo. Faoi stiúir Róise Nic an Bheatha, a bhog ó Dhoire go Dún Éideann agus í 15 bliain d’aois, díríonn an scannán ar bheirt fhear, le Sean McConville agus Daibhidh Moireasdan mar an bheirt phríomhcharachtar, a n-éiríonn leo dáimh a thógáil le chéile de thairbhe na dteangacha.
Muintearas a thógáil tríd an súiche ar fad atá ag croílár Le Chèile. Is cosúil gurb é an chéad scéal-ghearrscannán ar domhan a bhaineann feidhm as an dá theanga mar chiúta scéalaíochta. Is cinnte, áfach, nach bhfaca lucht féachana na féile a leithéid de ghearrscannán roimhe seo. Déanann scríbhneoir agus stiúrthóir an scannáin, Róise Nic an Bheatha, na príomhcharachtair a lonnú i nGlaschú. Beirt tacaithe sacair ar an bhus chéanna i ndiaidh cluiche. Tugann duine acu tacaíocht do na Ceiltigh agus tacaíonn an fear eile leis na Rainséirí. Tchí tú toradh an teacht le chéile seo?
Díríonn an scéal ar an choimhlint a eascraíonn ó iomaíocht an dá fhoireann ach mar a tharlaíonn sé, is í an teanga (nó teangacha) a sháraíonn an spórt sa ghearrscannán seo. Cluineann siad a chéile ag baint úsáid as an Ghaeilge agus Gàidhlig na hAlban ar scairt ghutháin lena muintir. Is ag an phointe seo a thig cor sa scéal. Baineann Nic an Bheatha úsáid as an dá theanga chun comhthuiscint a chothú idir príomhcharachtair an scéil agus na réamhchlaontachtaí atá acu a chur ar leataobh ar feadh an turais.
Léireofar an scannán mar chuid den rogha scannán ag an Toronto Irish Film Festival a thosaigh inniu, an 22 Márta, agus atá ar siúl go Dé Domhnaigh. Beidh an scannán le feiceáil roimh Tarrac ag 14:30 sa TIFF Lightbox Dé Domhnaigh, áit a dtarraingeoidh Sean McConville agus Daibhidh Moireasdan aird an lucht féachana le chéile.
Tá an Toronto Irish Film Festival ar an fhód ó bhí 2009 ann. I measc na scannán a thaispeánfar ag an fhéile i mbliana, tá Ó Bhéal, clár faisnéise a stiúir Ciara Nic Chormaic faoi cheol leictreonach agus rapcheol Gaeilge, agus Bog le hÉabha Bortolozzo agus Jack Kirwan, a thaispeánann Oisín ar aistear a tharraingíonn cuimhne ar a athair aníos as clábar portaigh.
Beidh go leor ábhar machnaimh ag an slua a théann chuig an fhéile an deireadh seachtaine seo leis an réimse leathan scéalta a inseofar aici. Féach réamhbhlaisín an ghearrscannáin thíos.