Beidh an gearrscannán Gaeilge ‘Máthair…’ i measc na roghanna siamsa a bheas ar fáil ar eitiltí trasatlantacha Aer Lingus ó mhí Lúnasa ar aghaidh.
D’fhoilsigh NÓS an físeán úrnua, a phléann go caolchúiseach le coincheap na máthairtheanga, i mí Márta agus tá beagnach 70,000 radharc faighte aige ar líne ó shin.
Mar aon leis na scannáin mhóra idirnáisiúnta is déanaí, taispeánann Aer Lingus saothar Éireannach mar chuid dá gclár siamsaíochta faoin teideal ‘Irish Films & Shorts’ agus is sa rannóg sin a bheas ‘Máthair…’ ar fáil.
“Cúpla mí ó shin chuaigh ionadaí ó Inflight Dublin i dteagmháil linn,” arsa Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir NÓS agus an té a scríobh script an ghearrscannáin.
“Is comhlacht iad seo a shocraíonn an tsiamsaíocht ar bord eitiltí agus luaigh siad go bhfaca siad ‘Máthair…’ ar líne agus go raibh suim acu é a chur i láthair Aer Lingus mar rogha scannáin.
“Thaitin sé go mór le muintir Aer Lingus agus anois beidh gearrscannán Gaeilge i measc na scannán éagsúil a bheas ar fáil do phaisinéirí na haerlíne ó mhí Lúnasa ar aghaidh.
“Tá áthas an domhain ar gach duine a bhí páirteach san fhíseán go mbeidh an Ghaeilge anois á tabhairt a fhad le lucht féachana níos mó ar an dóigh seo.”
Ba é Damian McCann a stiúir agus Gráinne Holland a léirigh ‘Máthair…’, a taifeadadh in Ard Mhacha Theas le foireann aisteoirí de chainteoirí áitiúla Gaeilge, ina measc Bláithín Mhic Canna, múinteoir ó Ghaelscoil Phadraig Naofa i gCrois Mhic Lionnáin, agus Louise Smith, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin.
Is é Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann a chuir an maoiniú ar fáil don togra.
Beidh ‘Máthair…’ le feiceáil ar dtús ar gach eitilt thrasatlantach de chuid Aer Lingus ó 1 Lúnasa go 30 Meán Fómhair.