Gearrscannán Nua: ‘Máthair…’


Tá áthas ar NÓS gearrscannán nua, a bhaineann le téama a aithneoidh muid ar fad, a fhoisliú inniu.

Insíonn ‘Máthair…’ scéal uilíoch faoin chaidreamh pearsanta a bhíonn againn leis na daoine, agus leis an chultúr, arb as dúinn.

Stiúrtha ag Damian McCann agus léirithe ag Gráinne Holland, ba é Eagarthóir NÓS, Tomaí Ó Conghaile, a scríobh na focail.

“Bhí muid ag iarraidh físeán cumhachtach a dhéanamh faoin Ghaeilge féin agus ansin luadh sa réamhphlé go mba dheas téama na teanga a nascadh le caidrimh phearsanta,” arsa Tomaí.

“Ba as sin a forbraíodh an coincheap.”

Scannánaíodh an físeán i láithreacha éagsúla in Ard Mhacha Theas – Úirchill an Chreagáin agus mullach Shliabh gCuillinn ina measc – rud a bhí an-oiriúnach, dar le Damian.

“Domsa baineann an Ghaeilge le háit agus le clann. Mar sin shíl mé nach raibh áit ar bith níb fhearr leis an scannán a thaifeadadh ná deisceart Ard Mhacha, ceantar atá saibhir le focail, cultúr agus oidhreacht.”

Is Gaeil de chuid na háite iad na haisteoirí Bláithín McCann, Louise Smith, Blaithín O’Sullivan agus Niamh Garvey, agus fear eile ón dúiche, Cathal Cully ón bhanna Girls Names, a chum an ceol.

“Léiríonn an gearrscannán seo an áit speisialta atá ag an mháthairtheanga inár gcroí,” arsa Gráinne Holland.

“Mar a dúirt Nelson Mandela tráth, ‘Má labhraíonn tú le fear i dteanga a thuigeann sé, rachaidh sé sa cheann air. Má labhraíonn tú leis ina theanga féin, rachaidh sé sa chroí air.’”

Seo an dara scannán i sraith físeán a bheas á cur amach ag NÓS sna seachtainí amach romhainn.

Scaip an chéad cheann, Lip Dub Gaeilge le Coláiste Feirste, go forleathan ar líne agus é feicthe anois breis agus 120,000 uair ar Facebook agus Youtube.

I measc na bhfíseán eile atá fós le foilsiú tá scannán ceoil leis an bhanna IMLÉ agus damhsa tobshlua.

SCÉALTA EILE