Súil ar chuid de na scannáin atá ar taispeáint i bpictiúrlanna na tíre an deireadh seachtaine seo.
Glassland (15A)
Suite i mBaile Átha Cliath, is dráma pléascach é seo faoi thiománaí óg tacsaí a thiteann isteach le drong atá ag plé le gáinneáil ar dhaoine.
Agus máthair leis, ar alcólaí cruálach í ar éigean dó aire a thabhairt di, is minic John (Jack Reynor) ag streachailt leis na cinntithe a dhéanann sé.
Bronnadh gradam Sundance ar aisteoir Chill Mhantáin, Reynor, as scoth na haisteoireachta sa ról áirithe seo agus é aitheanta roimhe as an mhórscannán What Richard Did a bhain gradam IFTA dó in 2012.
Ní mór a rá go ndéanann Toni Collette léiriú an-réadúil de mháthair a scriosann a teaghlach agus í faoi smacht iomlán ag an deoch.
Mar a rinne sé sa scannán Pilgrim Hill roimhe, díríonn stiúrthóir agus scríbhneoir Glassland Gerard Barret ar dhaoine imeallacha sa tsochaí nach mbeadh bá ann i gcónaí dóibh, agus is cumhachtach an toradh.
Rogha an deireadh seachtaine.
Kamienie na Szaniec / Stones For The Rampart (16)
Triúr ógánach ó Vársá in aimsir an Dara Cogaidh Dhomhanda atá ag croí an phictiúir seo a síolraíodh ó úrscéal le Aleksander Kaminski, leabhar a bhfuil leanúnachas cultais aige sa Pholainn.
Curtha i láthair i bPolainnis le fotheidil Bhéarla, is scéal é seo a dhíríonn ar throdaithe frithbheartaíochta óga a théann i gcoinne fhorghabháil na Naitsithe ar a gcathair dhúchais.
Mhair an scéal seo i mbéaloideas na Polainne le seachtó bliain agus is comóradh ceart é orthu siúd a throid go bhfuil sé anois á chur os ár gcomhair i bhfoirm scannáin.
Child 44 (16)
Glacann réalta Warrior agus The Dark Knight Rises Tom Hardy le canúint Rúiseach sa scéinséir dorcha seo bunaithe ar a bhfuil sa chéad leabhar i dtriológ an scríbhneora Tom Rob Smith.
Fíorscéal faoi shladmharfóir Andrei Chikatilo a spreag an leabhar ach é suite blianta roimh ré nuair a bhí Stalin i réim ar an Aontas Sóivéideach.
Leantar scéal ghníomhaire stáit a théann sa tóir ar dhúnmharfóir a ba chúis le bás roinnt páistí óga.
Léirithe ag Ridley Scott, cuireadh bac ar an scannán sa Rúis an tseachtain seo i ndiaidh gur chinn an Aireacht Chultúir é bheith “míchruinn go stairiúil”.