Go raibh Lá Star Wars leat! 

Bíodh fórsa na fadbhreathnaitheachta linn ar an lá mór seo, Lá Star Wars, 4 Bealtaine! Lá maith atá ann, a cheap muid, chun féachaint romhainn ar na rudaí ar féidir linn a bheith ag súil leo ón gcéad scannán eile sa tsraith!


Is dócha go bhfuil an scannán Star Wars is déanaí feicthe ag mórán chuile dhuine sa réaltra faoin am seo.

Shaothraigh The Force Awakens (TFA) breis agus 2 billiún dollar agus é sna pictiúrlanna.

Molaimid go mór dul ag breathnú air mura bhfuil sé feicthe agat cheana.

Má tá spreagadh sa bhreis uait, léigh léirmheas gan mhillteoirí faoi anseo.

Cad é atá romhainn sa chéad scannán eile sa tsraith, mar sin?


1) Léiriú

Rian

An stiúrthóir iontach úd ar an scannán deiridh, J.J. Abrams, tá seisean anois mar léiritheoir feidhmeach agus is é Rian Johnson, a stiúraigh an scannán amtaistil Looper, a bheidh i ról an stiúrthóra.


2) Faoi rún

Adam

Is beag atá ar eolas againn faoi scéal Eipeasóid VIII, ach cuimhnigh nár dúradh mórán ar chor ar bith linn faoi TFA sula raibh sé sna pictiúrlanna.

Is é is dóichí go léimfidh an scannán ar aghaidh chuig mórscéal éigin eile i saol na gcarachtar ar chuireamar aithne orthu in TFA.


3) Carachtair

Luke and rey

Tá go leor ceisteanna ag dó na geirbe againn maidir leis na carachtair chéanna.

An gcabhróidh Luke le Rey bheith ina Jedi?

Céard a dhéanfaidh Finn agus é saor anois ón First Order?

Cén chríoch a bheidh le Kylo Ren, agus cé hiad tuistí Rey?

Táthar ag súil go mbeidh carachtair Mark Hamill, Carrie Fisher, Daisy Ridley, John Boyega agus Domhnall Gleeson ann, chomh maith le roinnt aisteoirí úra, Benicio Del Toro agus Laura Dern.


4) Taifead in Éirinn

Star wars

Tuigtear dúinn go mbeidh dhá ionad in Éirinn in úsáid sa scannán.

Agus piceanna den seit ag Ceann Sibéal sa Ghaeltacht i gContae Chiarraí don scannán úr á scaipeadh le tamall, tá an scéal amuigh go bhfuiltear le taifead a dhéanamh ag Cionn Mhálanna i dTír Chonaill chomh maith.

Tá cealla na manach a bhí le feiceáil ag deireadh an scannáin dheireanaigh tógtha ar mórthír anois.

Seans go bhfuil baint aige seo leis an raic a bhí ann an uair dheiridh a rinneadh taifead ar Sceilig Mhíchíl.


5) Scannán eile

Rogue

Táthar ag súil chomh maith le Rogue One: A Star Wars Story a bheidh linn i mí na Nollag.

Seachscannán é seo, is é sin scannán nach mbaineann go dlúth leis na príomhcharachtair.

Suimiúil go leor, is cosúil gur bean a bheidh sa phríomhról arís.

Cuireadh an fógra seo thíos dó amach le déanaí, agus ar nós TFA tá cuma fhísiúil, mhealltach ar an domhan seo, agus é thar a bheith eipiciúil leis!

Díreoidh an scannán seo ar ghrúpa reibiliúnach atá ar mhisean le pleananna an Death Star a ghoid.

Anois agus Disney páirteach sa scéal, beifear ag bleán na bó áirithe seo go síoraí seasta agus muid ag súil le hEipeasóid VIII i mí na Nollag 2017 agus le hEipeasóid IX sa bhliain 2019.

Is deacair gearán a dhéanamh áfach más rud é go mbeidh scéalta mealltacha sna scannáin eile seo chomh maith.

Nár fada uainn iad agus go raibh an fórsa leat inniu, agus gach lá.

SCÉALTA EILE