Gortaíonn gach buille casúir, gach urchar agus gach lorg rásúir

Is aisteoir iontach é Joaquin Phoenix. Tá rudaí gur féidir leis a dhéanamh lena éadan a chuireann Al Pacino i gcuimhne dom nuair a bhí sé ag barr a réime sna hochtóidí, timpeall an ama a rinneadh The Godfather. Tá sé an-éifeachtach ag léiriú bróin agus leochaileachta i gcarachtair nach gceapfá riamh go mbeadh aon tréithe maithe acu. Is mar gheall airsean gur fiú súil a chaitheamh ar an scannán You Were Never Really Here.

Faraor, níl aon rud eile sa scannán seo atá eisceachtúil a dhóthain le hidirdhealú a dhéanamh idir é agus na céadta scannán eile sa seánra céanna.

Ní hé sin le rá gur drochscannán é seo ar chor ar bith. Rómhinic feicfidh tú scannáin aicsin ar an dul céanna leis seo — daoine ag léim agus ag troid agus ag fáil bháis, ach ní airítear go bhfuil siad in aon fhíorthrioblóid. Sin rud nach féidir a rá faoi You Were Never Really Here. Tá an foréigean forleathan, fairsing sa scannán seo, agus tá sé ar fad brúidiúil. Mar atá feicthe cheana i scannáin eile le Lynne Ramsay ar nós We Need To Talk About Kevin, is maith léi an lucht féachana a dhéanamh míchompordach agus déanann sí cinnte go ngortaíonn gach buille casúir, gach urchar agus gach lorg rásúir.

Baineann cuid mhór den mhíchompord a airítear sa scannán seo leis an dearadh fuaime ó Jonny Greenwood. Anois, tá Jonny Greenwood cáinte agam cheana mar gheall ar an torann a rinne sé sa scannán The Phantom Thread, ach tá jab maith déanta aige anseo. Tá sé torannach agus ciúin nuair is ceart dó bheith. Ní bheadh an éifeacht chéanna ag an scannán gan an obair a rinne sé.

Ach is sa scéal a thiteann an scannán seo síos do bheagán. Tá sé feicthe míle uair againn cheana. Fear a bhfuil stair uafásach aige, ach croí maith, a théann sa tóir ar dhíoltas do chailín óg. Má tá Man On Fire, The EqualizerJohn Wick feicthe agat, ní chuirfeadh aon rud sa scéal seo ionadh ort.

Cinnte tá gnéithe ann nach bhfuil sna scannáin eile sin, ach tagann sé ag pointe sa scannán seo gur féidir a rá cén chríoch a bheidh air. Mar sin féin, is léir go ndeachaigh go leor oibre isteach anseo. Tá radhairc áille ann, ceann a thagann chun cuimhne ná radharc le carachtar Phoenix, Joe, ag snámh i loch, agus tá an aisteoireacht thar cionn.

Ach tá amhras orm gur cheart airgead a chaitheamh air sa bpictiúrlann. Tháinig scannán eile amach ar Netflix an tseachtain seo, Annihilation, a shíl mé go ndéanfadh níos fearr sna pictiúrlanna, agus tá mé ag ceapadh dá dtiocfadh You Were Never Really Here amach ar Netflix, nó suíomh mar é, go n-éireodh níos fearr leis ansin.

SCÉALTA EILE