Gradam buaite ag scannán Gaeilge ag Fleadh Scannán na Gaillimhe

Tá an gradam don ‘Chéad Phríomhscannán Éireannach Is Fearr’ buaite ag an scannán Gaeltachta Foscadh ag Fleadh Scannán na Gaillimhe. Fógraíodh an bua mór ag searmanas na ngradam sa chathair aréir. 

Idir fhoireann agus chliar, bhí muintir na Gaeltachta fite fuaite sa scannán: ba é Séan Breathnach as Leitir Mealláin a scríobh agus a stiúir an dráma; bhí Dónall Ó Héalaí as Indreabhán sa phríomhról; agus bhí na haisteoirí Gaeltachta Macdara Ó Fatharta agus Fionnuala Flaherty as Árainn; agus Máire Ní Mháille as Cois Fharraige i róil eile. Bhí Cillian Garvey as Ráth Chaola, Diarmuid de Faoite as Contae an Chláir, agus Eoghan Geoghegan sa scannán freisin. 

Taispeánadh Foscadh ag an bhFleadh Scannán oíche Dé hAoine, agus bhí sé le feiceáil ar shuíomh idirlín na féile go dtí an oíche aréir. Tá súil ag lucht a dhéanta an scannán a thabhairt ar camchuairt anois timpeall na bhféilte scannán, agus go mbeidh sé le feiceáil i bpictiúrlanna na hÉireann ag tús na bliana seo chugainn. Taispeánfar ar TG4 ina dhiaidh sin é. 

Tá an scannán bunaithe ar charachtair an leabhair The Thing About December le Dónal Ryan, ach dúirt an stiúrthóir Seán Breathnach gur “athchóiriú ach ní athchóiriú díreach” atá i gceist leis an leagan Gaeilge seo den scéal. 

“Scéal é faoi fhear óg tuaithe, tá sé thart ar 30 bliain d’aois, is fear é a bhí ag brath go hiomlán ar a mhuintir, faigheann siad bás agus tá sé fágtha leis féin. Tá go leor daoine mar sin ann in Éirinn, sílim féin, agus iad fágtha gan an chosaint agus an stiúir a bhí acu óna mhuintir. Sa scéal seo, fágtar an talamh agus an teach ar fad aige, tá luach airgid ar an bhfeirm, agus níl sé cinnte cén chaoi le tabhairt faoin saol. Tagann carachtair eile isteach sa scéal, cairde, bean, agus fear atá ag iarraidh an talamh a cheannacht – ach ní féidir a bheith cinnte gur cairde cearta ná daoine maithe iad,” a dúirt Seán.

Ainmníodh Seán féin do ghradam eile ag an bhFleadh Scannán – an Bingham Ray Award for New Talent. Ba é an stiúrthóir TJ O’Grady-Peyton, a bhí ag obair ar an scannán Silence, Sentinal, Broken: A Lockdown Storya thug leis an gradam áirithe sin, áfach. 

SCÉALTA EILE