Is lánúin phósta iad Annie (Rachel McAdams) agus Max (Jason Bateman) a eagraíonn ‘Game Night’ go seachtainiúil. Cothaíonn an oíche an phearsantacht iomaíoch atá acu beirt agus an tsíormhian bhuachana a bhíonn orthu. Tugann siad cuireadh do chairde agus ceannaíonn siad bia agus deochanna agus iad ag dúil le hoíche mhór spraoi agus, ar ndóigh, leis an lámh in uachtar a fháil ar gach rannpháirtí eile.
Cuirtear seo uilig ar seachrán nuair a thagann deartháir Max, Brooks (Kyle Chandler), ar cuairt agus é ag maíomh as féin mar fhear gnó mór le rá. Tá sé níos dathúla agus níos saibhre ná mar atá Max, agus tá rath níos mó air go gairmiúil freisin.
Ní tús maith é do Game Night agus éad an domhain ar Max agus Annie faoin dóigh a mbaineann Brooks gach cluiche a bhíonn acu. Le barr a chur ar an olcas, agus é ag fanacht sa cheantar cúpla lá, eagraíonn sé Game Night dá chuid féin.
Cé go bhfuil cuid den ghreann so-aitheanta roimh ré, cuirtear go leor castaí sa scéal romhainn mar lucht féachana le muid a choinneáil ar imeall na cathaoireach. Tá cúpla radharc iontach greannmhar ann a chuirfidh sna trithí gáire thú.
An carachtar is fearr orthu uilig áfach ná an chomharsa béal dorais (Jesse Plemons), an t-éan corr, iar-fhear céile dá gcara is fearr a dhéanann a sheacht ndícheall a bheith mar chuid dá n-oíche cluichí agus a bhíonn i lár an aonaigh ar deireadh in Game Night.
Cé go bhfuil an greann fite fuaite ann go smior, bíonn fo-scéalta tábhachtacha ann gur féidir linn uilig comhbhá a dhéanamh leo; Max agus Annie ag plé ceisteanna clainne agus iad i lár a dtríochaidí, téamaí an uaignis agus na hiargúltachta agus ar ndóigh an t-éad a bhíonn idir lánúin féin agus idir cairde. Bíodh pota mór gráin rósta agat agus tú ag coimhéad an chinn seo, cuirfidh sé na rudaí is tábhachtaí sa saol ar do shúile duit ach ar dhóigh phléisiúrtha ghreannmhar.