Hancock

Tá Hancock (Will Smith) ina shárlaoch atá in ainm is bheith ag cuidiú leis an saol mór ach, mar gheall ar an ól agus ar fháthanna eile, ní éiríonn leis go díreach in am ar bith.

Bíonn an pobal anuas air dá bharr – tá siad ag iarraidh air stad nó aistriú go háit éigin eile! – agus mar sin, tar éis dó gníomhaí PR (Jason Bateman) a shábháil, socraíonn an ‘laoch’ ar iarracht níos fearr a dhéanamh agus cabhraíonn an saineolaí caidrimh phoiblí leis.

Is í an teagmháil seo idir Smith agus na daoine thart air a chruthaíonn mórchuid an ghrinn sa scannán agus tá cuid de na héifeachtaí ar ardchaighdeán chomh maith.

Le plota suimiúil agus an réalta scannáin is mó ar an phláinéad faoi láthair, shílfeá nach bhféadfadh sé ach bheith iontach ach, ar chúis éigin, ní éiríonn le Hancock lánmharcanna a bhaint amach.

Is fiú é a fheiceáil ar mhaithe leis an chraic mar sin féin agus ar mhaithe leis an líne dheireannach – a thagann i ndiaidh na dteideal creidiúna dála an scéil!

SCÉALTA EILE