Tá glór agus dearcadh ag stiúrthóirí éagsúla nach féidir a shárú agus atá iomlán aonarach. Tá Quentin Tarantino ar dhuine acu seo. Wes Anderson duine eile acu, agus Martin Scorsese. Dá dtaispeánfainn radharc amháin as na scannáin seo, bheadh a fhios a duine cé stiúir é, díreach trí breathnú air. Agus cé nach bhfuil déanta ag Martin McDonagh ach ceithre scannán go dtí seo, ina measc a scannán nua Banshees Of Inisherin, is scríbhneoir é a bhfuil stíl ar leith aige, agus bhí mé chomh sásta a stíl a fheiceáil ar an scáileán mór arís théis cúig bliana.
Tá an scannán seo thar barr. Faoi bheirt chairde, Pádraic agus Colm (Colin Farrell agus Brendan Gleeson) a thiteann amach lena chéile san oileán Inisherin (ní fíor oileán é, caithigí uaibh an t-atlas). Cuireann sé seo ionadh ar chuile dhuine san oileán, ina measc deirfiúr Phádraic, Siobhán (Kerry Condon) agus an mac an tsáirsint, Dominic (Barry Keoghan).
Nílim ag iarradh níos mó a rá faoin scéal, mar is fiú dul ag breathnú air, ach rud is fiú a lua ná go bhfuil sé lonnaithe in am trioblóideach i stair na tíre, i rith Chogadh na gCarad, ach tá na carachtair ar fad scoite amach uaidh. Níl fios acu céard faoi bhfuil an dream ar an mórtír ag troid, agus is cuma leo, is mó suim atá acu sa gcogadh idir an bheirt cairde san oileán. Ní cuid mhór é den scéal, ach sheas sé amach dom nach bhfaca mé an taobh seo do Chogadh na gCarad riamh, na daoine a bhí chomh fada amach ón achrainn, go ndéanadh dearmad orthu.
Sin díreach gné amháin den scannán seo a chuaigh i bhfeidhm orm. Tá na hoileáin ag breathnú thar cionn, tá an ceol go hálainn, agus tá boige ag baint leis an scéal, nach mbeifeá ag súil leis ó McDonagh. Caithfidh mé a rá, gur cé gur thaitin Three Billboards Outside Of Ebbing Missouri go mór liom, shíl mé go raibh sé beagán ródhuairc ar deireadh, agus cé go bhfuil Banshees duairc, tá carachtair ann a sheasann amach ar nós réaltaí geala i spéir dhubh dhorcha.
Is í Siobhán ceann de na réaltaí sin. Ó thús, ní raibh uaim ach go n-oibreoidh rudaí amach di, agus is aici atá cuid de na línte is barúla sa scannán. Déanann Kerry Condon jab den scoth sa bpáirt, agus gan í ní bheadh mé leath chomh tógtha leis an scannán ar an iomlán.
Ach tá an chliar ar fad thar cionn. Tá Brendan Gleeson thar barr, mar a bhíonn i gcónaí, agus le Colin Farrell, is léir agus é ag dul in aois, gur ag feabhsú agus ag feabhsú atá sé mar aisteoir. Sílim go mbeidh roinnt. daoine ag caint faoina thaispeántas agus na gradaim Oscar ag teacht aníos an bhliain seo chugainn agus an ceart acu. Chomh maith leis an mbeirt, faigheann an scannán cúig réalta cheana trí D’Unbeliveables, John Kenny agus Pat Shortt, chur le chéile ar scáileán mór Hollywood den chéad uair, le go bhfeicfidh an domhan mór cé chomh barúil is atá siad. Bhí sé deas freisin Bríd Ní Neachtain a fheiceáil arís agus í ag lorg ‘newsanna’ ó Phádraic agus Siobhán.
An t-aon aisteoir a cheap mé go raibh as áit ná Barry Keoghan i bpáirt Dhominic. D’oibrigh na haisteoirí eile ar fad le Martin McDonagh cheana, agus is léir gur thuig siad an stíl agus gur thuig siad nach ag déanamh ceap magaidh a bhí siad faoi na hoileáin agus muintir na n-oileáin. Ach le Keoghan, d’airigh sé ar nós go raibh sé i scannán éigin eile in amanna, agus cé go ndeachaigh sé i gcion or mar deireadh, bhí radhairc ag a thús a chuir isteach orm.
Ach is fadhb fhíorbheag é seo i gcomparáid leis an bpíosa ealaíne seo ar an iomlán. Is minic a dhéanann daoine iarracht aithris orthu siúd a sheasann amach. Tá an oiread scannán feicthe agam le dialóg sciobtha agus ‘barúil’ ag déanamh aithris ar Tarantino, agus ní raibh in Joker ach Taxi Driver le maisiúcháin dhifriúla, (agus níos measa) air. Agus tá an oiread drámaí agus scannáin Éireannacha feicthe agam le blianta beaga anuas, ag déanamh aithris ar obair Mhartin McDonagh. Cavalry, Pixie, Redemption For A Rogue; scannáin éagsúla iad féin, ag iarradh an tseift chéanna a bhaint amach. Ach ní féidir an fíorrud a bhualadh.