Tharraing Ponc – clár siamsa iontach TG4 – aird orthu féin agus ar ár dteanga i mí na Bealtaine i mbliana nuair a d’éirigh le Colmán Mac Séalaigh frásaí Gaeilge a mhealladh ó réaltaí an scannáin nua Star Trek, Zachary Quinto agus Chris Pine. (Muna bhfuil sé feicthe agat, cliceáil anseo.)
Bhuel tá a leathbhádóir ar an seó, Máire Treasa Ní Dhubhghaill, tar éis cur leis an éacht sin agus foireann Anchorman 2 faighte aici le triail a bhaint as aistriúcháin Ghaeilge de línte clúiteacha ón scannán.
Mar a deir siad féin, “Is maith liom lampa!”