Bhí a réamhtheachtaí ar chuid de na scannáin is mó díol sna nóchaidí, agus anois táthar ag súil go mbeidh Jurassic World, atá le teacht amach i mí Meithimh na bliana seo, ar an scannán is mó riamh sa tsraith Jurassic Park.
Dhá bhliain is fiche tar éis eachtraí an chéad scannáin, tá an pháirc siamsaíochta oscailte agus ar cheann de na tarraingtí turasóireachta is mó ar domhan.
Mar a bheifeá ag súil leis, áfach, níl duine ar bith i ndiaidh foghlaim go fóill nach maith le dineasáir a bheith faoi ghlas!
Níl i ndán dúinn mar sin ach sult a bhaint as a bheith ag amharc ar cad a tharlaíonn nuair a théann cúpla T-Rex gan srian ar oileán beag (arís!).
Tógann Chris Pratt (Zero Dark Thirty, Guardians of the Galaxy) an príomhról mar Owen Grady.
Is saineolaí dineasáir agus ball foirne sa pháirc é, agus tá sé leo siúd a dhéanann iarracht éalú ón oileán sula n-íosfar iad uilig.
Tá dea-scéal ann fosta dóibh siúd a raibh dúil mhór acu sna bunscannáin sa mhéid agus go mbeidh cuid de na téamaí ón bhunscór aitheanta ceoil le John Williams go fóill le cloisteáil sa scannán is déanaí seo.