Kaaluya agus Parmer os cionn a mbuille in ‘Nope’

Tá sé ráite agam ar feadh tamall fada go dtugann réamhfhógráin na laethanta seo an iomarca den phlota do scannán sula dtéim ag breathnú air. Ach le scannáin Jordan Peele, ní raibh an fhadhb seo agam riamh. Le Us, bhí a fhios agam go raibh sé le bheith scanrúil agus b’in é. An rud céanna le Get Out.  Agus fuair mé an mothúchán céanna ón réamhfhógrán le haghaidh Nope, ach chuaigh sé níos faide lena scannán is déanaí. Shíl mé go mbeadh sé chomh scanrúil céanna leis an bpéire eile, ach níl. Ach tá sé an-mhaith. 

Déanfaidh mé iarracht a bheith chomh rúnda céanna le déantóirí Nope agus mé ag cur síos ar an scéal. Insítear ann scéal beirte, deartháir agus deirfiúr, Emerald (Keke Palmer) agus OJ (Daniel Kaluuya) agus iad i gceannas ar  fheirm capall i California. Tagann siad trasna ar rud contúirteach agus aisteach sa spéir thuas, fhad is atá úinéir páirce téama in aice láimhe leo, Ricky Park (Steven Yeun) ag iarradh brabús a dhéanamh as an arracht céanna. 

Thóg sé cúpla babhta orm an cur síos sin a scríobh, agus tá go leor atá fágtha amach as, mar sílim gur fearr é an méid is lú atá ar eolas ag duine sula dtéann siad isteach. 

Ach caithfear a rá, in ainneoin obair Jordan Peele roimhe seo, ní scannán uafáis é ar chor ar bith. Agus níl na téamaí polaitiúla ná aoir atá anseo chomh soiléir lena chuid scannán eile. Tá na téamaí sin ann, ach níl aon radharc le fear saibhir geal ag rá ‘ Thabharfainn vóta do Barack Obama don tríú huair dá bhféadfainn’ ar nós in Get Out, agus níl an ráiteas céanna á dhéanamh aige maidir leis an saibhreas agus bochtanas agus atá in Us. Is cosúil go bhfuil rud éigin le rá aige maidir le hainmhithe agus cruálacht in aghaidh ainmhithe sa scannáin, ach is doléir an téama é agus cinnte ní hé an príomhtheáma é.  

Sílim gurb in é an fhadhb is mó a bhaineann leis an scannán, is léir go bhfuil cumas ag Peele san aoir agus téamaí móra doimhne, ach is cosúil nach raibh mórán suime aige aon rud mar sin a dhéanamh sa scannán seo. Agus caithfidh mé a rá go raibh beagán díomá orm faoi sin, ach ní hé sin le rá go raibh an scannán go dona. Ach tá sé níos cosúlaí le scannán Spielberg ó na hochtóidí ná scannán Jordan Peele ón lá atá inniu ann. 

An rud a d’fhan liom is mó ná an cheamradóireacht. Is é Hoyte Van Hoytema a bhí mar an stiúrthóir fótagrafaíochta agus i gceannas ar an gcineamatagrafaíocht, agus rinne sé sár-jab. Tá na seatanna ar fad go hálainn, agus aon uair atá OJ ag breathnú os a chionn tá sé déanta a ar bhealach a airíonn ar nós gur chóir dúinne an lucht féachana ag breathnú suas cé go bhfuil gach duine sa scannán ag insint dúinn na súile a choinneáil ar an talamh. 

Is é Van Hoytema a bhí i mar cheamradóir ar na scannáin Interstellar agus Ad Astra, agus is léir go bhfuil scil aige ag obair ar scannáin a bhaineann leis an spás. 

Tá Kaaluya thar cionn freisin mar OJ, mar a bhíonn i gcónaí. Tá sé i bpáirt atá i bhfad níos ciúine ná in aon pháirt eile ina bhfuil sé feicthe agam, ach déanann sé a chuid, agus déanann sé go maith é. Tá Keke Palmer í féin iontach chomh maith, agus is léir go bhfuil scil ag Jordan Peele aisteoirí a chur ar a gcompord, fiú le script le neart éifeachtaí speisialta. Agus mar atá ar eolas againn tá sé iontach ag greann, agus tá níos mó greann le fáil anseo ná ina chuid scannáin uafáis, sin cinnte. 

Tá fios agam go bhfuil an léirmheas seo sách doiléir ar céard a tharlaíonn sa scannán, agus ag déanamh athbhreithniú ar mo chuid oibre, is cosúil nach dtaitníonn an scannán seo liom mórán. Ach a mhalairt atá fíor. Shíl me go raibh sé iontach, ach d’fhéach mé air gan mórán eolais agam ag dul isteach, agus sin é an chaoi ar chóir breathnú air. 

SCÉALTA EILE