La Battaglia Di Algeri

Agus cogadh á fhearadh ag cumhachtaí an Iarthair i dtuaisceart na hAfraice le blianta beaga anuas, is fiú a thabhairt chun cuimhne nach feiniméan nua é seo ach go bhfuil macallaí na gcoimhlintí reatha le mothú i dtreimhse nach bhfuil i bhfad siar sa stair.

Idir 1954 agus 1962 thug Fronta Saoirse Náisiúnta na hAilgéire (FLN) faoi chogadh frith-impiriúil in éadan na Fraince a bhí i gceannas ar an tír ón bhliain 1830.

Scannán é La Battaglia Di Algeri atá bunaithe ar eachtraí a tharla le linn Chogadh na Saoirse sin agus, mar is léir ón teideal, ar Chath Chathair na hAilgéire féin ach go háirithe.

Ón tús leanann muid Ali La Pointe, ceannaire reibiliúnach atá mar bhall den FLN agus iad i mbun trodaíochta ar son neamhspleáchais óna gceannairí coilíneacha.

Bhí scannáin chogaidh ann roimhe ar ndóigh ach an uair seo taispeánadh an t-aicsean ar shlí iomlán nua agus cuireadh béim nach beag ar an tionchar a bhí ag an gcath ar ghnáth-shibhialtaigh neamhurchóideacha.

Tá stíl neo-réalaíoch na hIodáile le brath go láidir ar chur chuige an stiúrthóra Gillo Pontecorvo agus níl ach aisteoir amháin proifisiúnta sa scannán, mar atá Jean Martin – d’úsáid sé sibhialtaigh Algéaracha le haghaidh gach ról eile.

Úsáidtear ceol tradisiúnta ó thús deireadh chomh maith – ba é cara Pontecorvo Ennio Morricone a chum an fuaimrian – agus baintear feidhm dheas as fógraí raidió agus píosaí de scéaltaí nuachta chun atmaisféar na ré a chruthú.

Nuair a eisíodh é sna pictiúrlanna beagnach 50 bliain ó shin, bhuaigh La Battaglia di Algeri an Duais Mhór ag Féile Scannán na Veinéise agus d’éirigh leis trí ainmniúchán a fháil ag na Gradaim Oscar – Stiúrthóir is Fearr, Scannán is Fearr i dTeanga Iasachta agus Script Scannáin is Fearr.

Ní raibh na Francaigh ró-shásta leis áfach agus bhí cosc air sa Fhrainc go dtí 1971 agus fiú ansin ní bhfuair sé mórán de lucht féachana go dtí beagnach deich mbliana ina dhiaidh sin.

An fáth le míshásacht phobal na Fraince ar ndóigh ná go léiríonn an scannán lán teannais seo – go fírinneach ní bhogann tú ón suíochán ar eagla go gcaillfidh tú píosa tábhachtach – léiríonn sé gluaiseacht treallchogaíochta agus na hiarrachtaí a dhéanann cumhlacht na coilíneachta chun an ghluaiseacht a scriosadh.

Tá ról na mban an-lárnach sa scannán chomh maith – bhí freagrachtaí móra acu agus iad ag cabhrú leis na saighdiúrí chuile lá.

Saothar lán mothúchán é – brón, fearg, comhbhá leis na Algéaraigh – agus is ceacht staire é ag an am céanna mar go bhfoghlaimíonn tú a lán faoin gcogadh agus faoin saol mar a bhí san Algéir ag an am.

Má tá suim agat i bpolaitíocht, socheolaíocht agus scéal daonna, ní mór duit súil a chaitheamh ar an Battle of Algiers cumhachtach.

SCÉALTA EILE