La Casa de mi Padre

‘Teach m’Athar’ is ainm don scannán seo a bhfuil Will Ferrell sa phríomhpháirt, Armando Alvarez, an mac is sine de chuid rainseora thíos i Meicsiceo, áit a bhfuil na fir chróga, na mná galánta agus na bithiúnaigh lán d’olc, áit a bhfuil an prós gonta agus an oiread contúirtí ann agus atá clíséanna.

Tá an scannán seo suite sa lá atá inniu ann agus is é Andrew Steele, a bhí ag obair ar Saturday Night Live, a scríobh an script.

Filleann deartháir óg Armando ar a fhód dúchais lena bhean gheallta Sonia. Is fearr go mór leis an athair, Papá Alvarez (Pedro Armendáriz Jr.), Raul agus tugann sé gach estúpido ar Armando. Ach don chuid is mó is é a fhaightear sa scannán seo ná plámás, an chorrshúil á caitheamh, liopaí i mbun creatha agus ó am go chéile sceiteanna grinn gan chéill (scata ban i sciortaí gearra agus a leithéid).

Tá na feistis go hiontach, bíonn Armando gléasta go traidisiúnta i gculaith an bhuachaill bhó fad agus a bhíonn a dheartháir óg Raul gléasta ar nós Al Pacino i Scarface, culaith reitreo air a bhfuil lorg cócaoin air agus péire spéaclaí móra gréine ar a aghaidh.

Tosaíonn rudaí ag éirí teasaí nuair a théann Raul ag troid le tiarna drugaí, La Onza nó ‘an tUnsa’ (Gael García Bernal), bithiúnach ceart a mbíonn cailíní i mbicínithe thart air agus meatáin mhóra air mar a bheadh meaisínghunnaí ann. Is léir gur bhain García Bernal and Luna an-sult as bheith ag gléasadh suas sna feistis ach is é an trua é nach bhfuil an scéal chomh reitreo agus atá na héadaí.

Is beag dáiríreacht atá ag baint le Casa de Mi Padre agus is furasta glacadh leis an scige agus leis an ghreann den chuid is mó. Ach nuair a fheiceann Armando agus a chomrádaithe fear á chur chun báis is doiligh gan bheith ag smaoineamh ar an sléacht a tharla i Meicisceo de dheasca chogadh na ndrugaí.

Déanann an scannán scigaithris ar leithéidí Grindhouse le Quentin Tarantino agus Robert Rodriguez. Ach is seánra de scannán é seo a bhfuil Tarantino agus Rodriguez luaite go mór leis agus ní éiríonn le Andrew Steele agus le Matt Piedmont, léiritheoir Casa de Mi Padre, an seánra a thabhairt leo ina iomláine.

Bíonn Will Ferrell ag labhairt Spáinnise ó thús go deireadh an scannáin gan deacracht ar bith agus is dócha gurb é seo an rud is greannmhaire ar fad faoi Casa de Mi Padre. Déanann sé ábhar magaidh as soineantacht an charachtair, mar atá de nós aige a dhéanamh, agus ar an dóigh seo bíonn cuma an amadáin ar Armando.

Baineann Bernal agus Luna an-spraoi as bheith ag pleidhcíocht thart mar bhuachaillí bó agus is ar éigean in amanna gur féidir leo an gáire a cheilt agus iad ar an scáileán, rud a bhaineann beagáinín den fhírinneacht atá ag baint le carachtar Ferrell.

Tríd is tríd is fearr i bhfad an scannán seo nuair a stopann na carachtair ag ligean orthu féin go bhfuil tábhacht leis an scéal bómánta agus nuair a ligeann siad den ghreann bheith ann díreach ar mhaithe leis an ghreann féin.

SCÉALTA EILE